Conas is féidir liom a rá cé acu atá táirge comhlíontach?
Cad iad na táirgí atá clúdaithe?
Cad is Dearbhú Comhréireachta ann?
Cad é ról ComReg?
Déan teagmháil le ComReg
Dearbhú Comhréireachta Simplithe an AE
Agus tú i mbun siopadóireachta le haghaidh raidió nó táirgí leictreacha/leictreonacha, seo roinnt leideanna éasca le fáil cé acu atá táirge comhlíontach.
Seiceáil an lipéadú
Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a lipéadú ar gach táirge:
Eolas faoin monaróir (ainm agus seoladh poist, déanamh agus samhail an chineáil táirge).
Ba cheart an mharcáil CE (féach thíos) a ghreamú go feiceálach, go soléite agus go doscriosta den trealamh raidió nó dá phláta sonraí, mura bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil údar leis mar gheall ar nádúr an trealaimh raidió.
Seiceáil le haghaidh doiciméadú riachtanach
Ní mór treoracha agus faisnéis sábháilteachta i mBéarla a chur in éineacht le gach táirge.
Áireofar sna treoracha an fhaisnéis is gá chun an táirge a úsáid i gcomhréir leis an úsáid atá beartaithe dó.
Ní mór cóip den dearbhú comhréireachta AE nó dearbhú simplithe comhréireachta a bheith ag gabháil le gach táirge.
I gcás ina soláthraítear dearbhú comhréireachta AE simplithe, ní mór an seoladh idirlín cruinn a bheith ann inar féidir téacs iomlán dhearbhú comhréireachta an AE a fháil.
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas freisin ar an dearbhú comhréireachta i gcás táirgí a astaíonn raidióthonnta d’aon ghnó:
Banda(í) minicíochta ina n-oibríonn an trealamh raidió;
Uaschumhacht raidió-minicíochta a tharchuirtear sa bhanda(í) minicíochta ina n-oibríonn an trealamh raidió.
Táirgí Raidió: is trealamh leictreach nó leictreonach iad a astaíonn nó a fhaigheann tonnta raidió d’aon ghnó chun críche cumarsáide raidió. Baineann na Rialacháin um Threalamh Raidió (Rialacháin RE) le gach trealamh leictreach nó leictreonach ina bhfuil comhéadan raidió nuair nach féidir é a bhaint go héasca (mar shampla feidhmiúlacht Bluetooth i gcainteoir gan sreang).
Táirgí Leictreacha/Leictreonacha: is féidir le trealamh leictreach nó leictreonach astuithe leictreamaighnéadacha a ghiniúint a d’fhéadfadh cur isteach ar threalamh eile freisin. Ba cheart go mbeadh leibhéal iomchuí díolúine ag trealamh den sórt sin freisin (mar shampla insliú cáblaí) ó shuaitheadh leictreamaighnéadach i gcomhréir leis na Rialacháin um Chomhoiriúnacht Leictreamaighnéadach (Rialacháin EMC).
Trealamh Comhcheangailte: i gcás ina bhfuil trealamh raidió ionchorpraithe ar bhealach seasta buan sa táirge neamh-raidió, ní mór don táirge iomlán ina iomláine cloí leis na Rialacháin RE (toisc go measfar gur “trealamh raidió” an táirge iomlán).
Is sampla de threalamh raidió comhcheangailte den sórt sin meaisín níocháin le comhéadan wifi. Ní mó do mheaisín níocháin den sórt sin ní hamháin ceanglais sábháilteachta na Rialachán LV a chomhlíonadh, ach ní mór dó freisin, ina theannta sin, ceanglais riachtanacha eile na Rialachán RE a chomhlíonadh.
Ba cheart do mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE a cheapadh chun an fhaisnéis is gá faoin RED a chur ar fáil maidir le comhréireacht trealaimh raidió le ceanglais na Treorach agus le reachtaíocht ábhartha eile an Aontais maidir le comhchuibhiú. Is tábhachtach go n-áiritheoidh Monaróirí go bhfuil cóip de dhearbhú comhréireachta an AE, nó dearbhú comhréireachta simplithe de chuid an AE, ag gabháil le gach cuid de threalamh raidió. Cuirfear dearbhú comhréireachta an AE ar fáil ar an dóigh seo a leanas:
Is é ComReg an tÚdarás Faireachais Margaidh ainmnithe in Éirinn atá freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann trealamh raidió a dhíoltar in Éirinn rialacháin shonracha agus caighdeáin chomhchuibhithe. Is é cuspóir ComReg a chinntiú go ndéantar táirgí áirithe ar Mhargadh na hÉireann ar bhunchaighdeán agus nach gcuireann siad Úsáideoirí Deiridh agus oibrithe i mbaol.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ComReg maidir le haon fhiosrúchán atá agat faoi shábháilteacht táirgí productsafety@comreg.ie nó faoinár ngníomhaíochtaí faireachais margaidh ag productsafety@comreg.ie.
Féadfaidh “DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA Simplithe an AE” a bheith ag gabháil leis an táirge freisin Cuirfear dearbhú comhréireachta simplithe an AE, dá dtagraítear in Airteagal 10(9) den RED, ar fáil mar a leanas:
Leis seo, dearbhaíonn [Ainm an mhonaróra] go bhfuil an cineál trealaimh raidió [sonraíocht an chineáil trealaimh raidió] ag comhlíonadh Threoir 2014/53/AE.
Tá téacs iomlán dhearbhú comhréireachta an AE ar fáil ag an seoladh idirlín seo a leanas: xxxxx
Error: Contact form not found.
Error: Contact form not found.