Ár dtiomantas agus gcur chuige chun gréasáin inrochtaineachta a choinneáil

 

Tá ComReg tiomanta do:

  • ghréasáin inrochtaineachta a choinneáil: Cuirimid ár dtiomantas don é seo a dhéanamh inár gCairt Custaiméirí.
    • ag déanamh cinnte go mbainfidh an suíomh gréasáin seo “Leibhéal AA” amach i gcomhlíonadh le Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0, chun Cód Cleachtais an Údaráis Náisiúnta Míchumais maidir le hInrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Eolais atá curtha ar fáil ag Comhlachtaí Poiblí a chomhlíonadh.
    • ag déanamh cinnte go mbainfidh an suíomh gréasáin seo “Leibhéal AA” amach i gcomhlíonadh le Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0.
  • lena n-áirítear inrochtaineacht nuair a fhaigheann muid córais 3ú páirtí nó nuashonrúcháin ar chórais atá ann faoi láthair.

 

Comhréireacht an tsuímh gréasáin seo le treoirlínte inrochtaineachta oifigiúla

 

Faoi láthair, tá comhréireacht leibhéil AA do Threoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0 ag an suíomh gréasáin seo. Rinneadh ár n-iniúchadh inrochtaineachta gréasáin is déanaí i mí Márta 2020.

 

Réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú agus amlínte

 

Tá a fhios againn gur féidir feabhas a chur ar inrochtaineacht i réimsí áirithe an tsuímh gréasáin. Táimid ag obair faoi láthair chun é seo a bhaint amach. Tá súil againn go mbainfidh an suíomh gréasáin seo comhréireacht “leibhéil AA” amach do Threoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0 agus táimid tiomanta ar chomhréireacht Leibhéil AA ar a laghad a bhaint amach.

Réimsí a d'fhéadfaí a fheabhsú, amlínte le haghaidh feabhsúchán, agus roghanna eile
Rannán den suíomh gréasáinGá le feabhsúAmlíne le haghaidh feabhsúchánRochtain Mhalartach
Úsáid TáblaíTáblaí agus an gá le hiad a chlibeáil i gceartIs próiseas leanúnach é seoNíl sé seo ar fáil
Íoslódálacha PDFCruthaítear PDF chun a bheith chomh hinrochtana agus is féidir ach d'fhéadfaí feabhas a chur orthu i gcónaí de réir mar a théann an teicneolaíocht chun cinn.Is próiseas leanúnach é seoTá ComReg sásta leaganacha eile de dhoiciméid a sholáthar nuair a iarrtar orthu, de réir an Achta um Míchumas 2005.

 

Conas aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo a sheoladh

 

Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo.

  • Seol ríomhphost chugainn ag rochtain@comreg.ie
  • Cuir glaoch orainn ag (+353 1) 804 9639
  • Tabhair cuairt orainn ag Ceantar Dugaí Láir, Sráid na nGildeanna, Baile Átha Cliath 1, Éire, D01 E4X0.
  • Scríobh chugainn ag Ceantar Dugaí Láir, Sráid na nGildeanna, Baile Átha Cliath 1, Éire, D01 E4X0.

 

Gnéithe Inrochtaineachta an tSuímh Gréasáin seo

 

Nascleanúint léitheora Scáileáin/ Méarchlár – chun cabhrú le húsáideoirí nach bhfuil luch nó teicneolaíochtaí cunta á úsáid acu chun an suíomh a nascleanúint.

Léim go nasc ábhair – chun cabhrú le húsáideoirí nach bhfuil luch nó teicneolaíochtaí cunta á úsáid acu chun an suíomh a nascleanúint.

Íomhánna Inrochtaineachta – chun úsáideoirí atá ag baint úsáid as léitheoir scáileáin nó teicneolaíochtaí cúnta eile a chur ar an eolas faoi ábhair íomhánna.

Foirmeacha Inrochtaineachta – chun cabhrú le húsáideoirí atá ag cur foirmeacha isteach ar ár suíomh gréasáin.

Táblaí Inrochtaineachta – chun úsáideoirí atá ag baint úsáid as léitheoir scáileáin nó teicneolaíochtaí cúnta eile a chur ar an eolas faoi ábhair tábla.

Codarsnacht Dathanna – chun cabhrú le húsáideoirí a bhfuil deacracht maidir le dathanna acu.

Clómhéid a athrú – chun cabhrú le húsáideoirí a bhfuil fadhbanna maidir le amharc acu.

Ábhar atá leagtha amach i gceart le húsáid mhaith na gceannteideal – chun cabhrú le húsáideoirí atá ag baint úsáid as léitheoir scáileáin nó teicneolaíochtaí cúnta eile agus chun inléiteacht a mhéadú go ginearálta.

Nasc téacs úsáideach (naisc thuairisciúla, ní amháin “cliceáil anseo”) – chun úsáideoirí atá ag baint úsáid as léitheoir scáileáin nó teicneolaíochtaí cúnta a chur ar an eolas.

Inrochtaineacht doiciméid – chun cabhrú le húsáideoirí atá ag baint úsáid as léitheoir scáileáin nó teicneolaíochtaí cúnta eile agus chun inléiteacht a mhéadú go ginearálta.

Comhoiriúnach trasbhrabhsálaí ? Leanúnachas sa leagan amach agus nascleanúint thar na mbrabhsálaithe ar fad a chinntiú agus fabhtanna a d’fheadfadh mearbhall a chur ar úsáideoirí a sheachaint.

BrabhsáilOsArd – uirlis chúnta a chuireann caint, léitheoireacht, agus aistriúchán lenár suíomh gréasáin; rochtain agus rannpháirtíocht a éascú do dhaoine a bhfuil Disléicse nó Litearthacht Íseal orthu, Béarla mar Dara Teanga acu agus do dhaoine a bhfuil lagaithe radhairc orthu.