Tá ComReg ag obair go gníomhach leis an tionscal teileachumarsáide chun glaonna agus teachtaireachtaí camscéime in Éirinn a mhaolú. Ó thús 2022, tá ComReg agus an tionscal teileachumarsáide ag obair le chéile chun muinín inár teileachumarsáid a athbhunú.
Ní bhaineann cumarsáid chiapaireachta le hÉireann amháin – is fadhb dhomhanda í agus tá ComReg i dteagmháil agus ag comhoibriú le rialtóirí eile, san AE agus níos faide i gcéin chun bealaí a fhorbairt chun dul i ngleic le cumarsáid chiapaireachta, go háirithe leo siúd i Limistéar an Bhéarla. Is é an fáth atá leis seo ná, mar thír ina labhraítear Béarla, go ndírítear go díréireach ar chónaitheoirí na hÉireann i gcomparáid lena gcomhghleacaithe san AE toisc gur féidir le calaoiseoirí bogadh gan stró idir tíortha eile ina labhraítear Béarla, ag díriú a n-acmhainní ar thíortha inar dóichí gurbh fhearr a éireoidh le camscéimeanna. Tá sé dosheachanta go leanfaidh calaoiseoirí ar aghaidh ag díriú agus ag déanamh níos mó calaoise ar thíortha nach bhfuil dóthain cosanta acu agus is dócha gurb iad tíortha ina labhraítear Béarla ar nós na hÉireann is mó a bheidh thíos leis.
Ar an 16 Meitheamh, 2023, d’fhoilsigh ComReg a chomhairliúchán maidir le gníomhú i gcoinne glaonna agus teachtaireachtaí camscéime. Léiríonn taighde a choimisiúnaigh ComReg gur tharla an méid seo a leanas in Éirinn in 2022:
Ar an iomlán, meastar go coimeádach thart ar €309 milliún in aghaidh na bliana an dochar iomlán inchainníochtaithe don tsochaí.
Tá ComReg ag moladh go gcuirfidh oibreoirí teileachumarsáide roinnt idirghabhálacha teicniúla i bhfeidhm chun dul i ngleic le glaonna agus teachtaireachtaí camscéime:
Rinne ComReg measúnú freisin ar Scagaire Camscéimeanna SMS chun camscéimeanna SMS a bhlocáil agus chun cosaint a thabhairt i gcoinne camscéimeanna níos sofaisticiúla amach anseo ach beidh gá le reachtaíocht tacaíochta sula dtabharfar isteach é.
Is ionann na buntáistí foriomlána ó na hidirghabhálacha agus thart ar €1.5 billiún thar na seacht mbliana atá le teacht. Is mór an tairbhe don tsochaí as gach euro a chaitear ar na hidirghabhálacha agus ba cheart go mbeadh €50 de shochar eacnamaíoch agus sóisialta ann in aghaidh gach €1 a chaitear.
Tá comhairliúchán agus doiciméid tacaíochta ComReg nasctha thíos:
I measc na bhfoilseachán eile atá ag ComReg maidir le cumarsáid chiapaireachta tá:
Chun an fhaisnéis is déanaí a fháil do thomhaltóirí ar ghlaonna agus teachtaireachta camscéimeanna, lean an nasc thíos le do thoil:
Tá faisnéis foilsithe ag an Roinn Fuinnimh, Aeráide agus Cumarsáide ar ghlaonna agus teachtaireachtaí camscéimeanna, lean an nasc thíos le do thoil:
https://www.gov.ie/en/publication/7ee5e-how-to-protect-yourself-against-scams-or-attempted-fraud/
Chun eolas nuashonraithe a fháil ón nGarda Síochána ar ghlaonna agus teachtaireachtaí camscéime, lean an nasc thíos le do thoil:
Tá faisnéis an-úsáideach ag Cónaidhm Baincéireachta & Íocaíochtaí Éireann (BPFI) ar ghlaonna agus téacsanna camscéime, le do thoil lean an nasc thíos: