Samuel, Comhairleoir Sinsearach Speictrim

Sílim go bhfuil clár cúnaimh acadúil ComReg iontach forásach

Samuel, Comhairleoir Sinsearach Speictrim

Rannóg Creata an Mhargaidh

Tá 24 bliain anuas caite agam ag obair le ComReg agus ina réamhtheachtaí, Oifig an Stiúrthóra um Rialáil Teileachumarsáide (ODTR). 

Ag an tús, mar innealtóir bainistíochta speictrim agus roinnt taithí agam, cuireadh de chúram orm roinnt míreanna nua a chur i bhfeidhm a bhí ag teastáil faoin reachtaíocht ar bhunaigh an rialtóir í.  Áiríodh orthu seo tábla na leithdháiltí minicíochta (ar nós an Plean Minicíocht Raidió) agus an chéad ráiteas straitéise maidir le bainistiú speictrim raidió. Le fiche bliain anuas bhí an deis ann a bheith bainteach le go leor córais oidhreachta, go leor teicneolaíochtaí nua agus tuiscint a fháil orthu agus ansin réimis bheartais agus cheadúnais a cheapadh do gach ceann acu. 

I réimse na bainistíochta speictrim, tháinig go leor deiseanna chun bogadh isteach sa bhainistíocht, ansin sa bhainistíocht shinsearach agus ansin a bheith ceaptha mar chomhairleoir don Choimisiún ar chúrsaí speictrim. Is é an príomhriachtanas don phost seo ná taithí fhairsing ach is cinnte go gcabhraíonn sé céim a bheith agat in innealtóireacht agus i mbainistíocht raidió mar go gcuireann siad bonn daingean ar fáil. 

‘Sílim go bhfuil clár cúnaimh acadúil ComReg iontach forásach.’ 

Níos tábhachtaí fós, ar an ábhar go raibh mé ag plé leis an oiread sin rannpháirtithe agus pearsantachta éagsúla, chuidigh sé sin liom an t-aistriú a dhéanamh ó bheith i m’innealtóir amach is amach go forbairt a dhéanamh mar bhainisteoir speictrim. 

Tarlaíonn bainistíocht speictrim go háitiúil, go réigiúnach agus go hidirnáisiúnta agus tríd an obair le ComReg bhí mé in ann taithí shuntasach a fháil ar thrí cinn de na timpeallachtaí seo, taithí a chruthaigh dúshláin nua agus a cásanna spreagúla a chothaíonn mo spéiseanna agus mo phaisean.