Joseph, Bainisteoir Dlí

Oibríonn ComReg ar bhonn tionscadal trasfheidhmeach, agus tá sé spreagúil a bheith ag obair go dlúth le heacnamaithe, cuntasóirí agus innealtóirí gach lá.

Joseph, Bainisteoir Dlí

Rannóg Creata an Mhargaidh

Tá mise mar Bhainisteoir Dlí mé i Rannóg Creata an Mhargaidh tar éis dom dul isteach san eagraíocht 9 mbliana ó shin. Mar dhlíodóir sinsearach rialála agus iomaíochta, d’oibrigh mé le rialtóirí sa RA agus in Éirinn roimhe seo. 

Ó lá go lá, is éard atá i mo ról ná comhairle dlí, beartais agus straitéiseach a thabhairt ar thionscadail éagsúla, coinneáil suas chun dáta le forbairtí dlí agus idirchaidreamh a dhéanamh le comhghleacaithe sa Choimisiún Eorpach agus le rialtóirí eile. 

Toisc go bhfuil dlíodóirí ag ComReg mar chuid lárnach d’fhoirne tionscadail, d’oibrigh mé ar thionscadail éagsúla le linn mo chuid ama leis an eagraíocht. Is spreagúil liom a bheith ag obair ar thionscadail nuálacha agus ceannródaíocha sna réimsí speictrim, cibearshlándála agus uimhrithe, a chabhraíonn le tomhaltóirí agus a spreagann nuálaíocht. 

Oibríonn ComReg ar bhonn tionscadal trasfheidhmeach, agus tá sé spreagúil a bheith ag obair go dlúth le heacnamaithe, cuntasóirí agus innealtóirí gach lá. 

Is breá liom an éagsúlacht, nach mbíonn dhá lá ar bith mar a chéile riamh, na dúshláin nua agus éagsúlacht na ndeiseanna a chuirtear i láthair. Is iontach an tacaíocht ó mo chomhghleacaithe, go háirithe nuair a bhaineann sé le líon na n-acrainmneacha a úsáidtear i gcúrsaí Teileachumarsáide! 

Spreagann ComReg gach ball foirne le forbairt ina ról féin agus cuireann sé chun cinn forbairt ghairmiúil leanúnach chun cur le do scileanna agus deiseanna gairme. Thacaigh ComReg liom i gcúrsaí breisoideachais, rud a bhí an-úsáideach dom i mo chuid oibre ó lá go lá. 

Tá an tacaíocht láidir don fhoghlaim ghairmiúil ar feadh an tsaoil an-tarraingteach. 

Mheasfainn go bhfuil an cultúr an-oscailte, cairdiúil agus neamh-ordlathach. Mholfainn ComReg go hard mar áit oibre iontach agus tú ag obair ar thús cadhnaíochta na teicneolaíochta, an bheartais agus na nuálaíochta.