Tuigeann ComReg go bhfuil go leor bealaí ann chun scam fóin a dhéanamh, mar sin molaimid gur cheart go mbeidh tomhaltóirí airdeallacha i gcónaí.
Má fhreagraíonn tú glaoch ó uimhir idirnáisiúnta anaithnid, is féidir leis a bheith an-chostasach mar sin bí an-chúramach má chailleann tú glaoch ó uimhir mar sin.
- Bí airdeallach maidir le glaochanna/glaochanna caillte ón uimhir chéanna nach n-aithníonn tú.
- Ná cuir glaoch thar n-ais ar aon uimir nach n-aithníonn tú nuair nach bhfuil aon glórphost fágtha.
- Má chuireann tú glaoch ar uimhir mar seo trí thimpiste, cuir deireadh leis an nglaoch láithreach, ach go háirithe mura bhfuil éinne ar an líne nó má chuirtear ar feitheamh thú.
- Má tá gaoil nó cairde leat thar lear, bí cinnte a n-uimhreacha a chur i do fón (mó den réimír tíre) agus bíodh réimír na tíre ina bhfuil siad ar eolas agat.
- Má leanann na glaochanna ar aghaidh, cuir fios ar do oibritheoir láithreach.
- Ná tabhair aon fháisneis phearsanta ar nós uimhreacha PSP/sonraí chárta creidmheasa/ainm/seoladh/uimhir pas nó eile amach.
Níl aon bhealach amháin chun scam fóin a aithint, is minic a úsáidtear gnáthuimhir aitheanta, réigiúnda nó idirnáisiúnta a bhíonn in úsáid go laethúil.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le ComReg ag consumerline@comreg.ie nó 01 809 9668. Tá seirbhís téacs thar n-ais, gloach thar n-ais, comhrá beo ar líne agus Teanga Comhartaíochta na hÉireann againn chomh maith.