Léiríonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 (Acht SF) cúpla ceart dlí tábhachtach dóibh siúd atá ag iarraidh teacht ar fháisnéis.
Cearta Reachtúla faoin Acht SF:
Is í aidhm an Achta um SF ná ligint don phobal teacht ar fhaisnéis atá ag ComReg NACH BHFUIL ar fáil trí na gnáthfhoinsí eile. Tá teacht ar fhaisnéis faoi SF faoi réir díolúintí áirithe agus tá nósanna imeachta faoi leith chomh maith le teorainn ama i gceist leo.
Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Is féidir iarratais ar Fhaisnéis faoin Acht SF a sheoladh chuig:
Derek C.O’Reilly, Feidhmeannach Rochtana Faisnéise
Coimisiún um Rialáil Cumarsáide,
1 Lárcheantar na nDugaí,
Sráid na nGildeanna,
BÁC 1, D01 E4X0.
Teil: 018049769
Faics: 018788193
Ríomhphost: foi@comreg.ie
Ní mór duit d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart go dtagródh d’iarratas don tAcht um Shaoráil Faisnéise. Tá foirm iarratais ar fáil ‘Iarratas ar Fhaisnéis faoi Acht um Shaoráil Faisnéise’ ach ní gá é a úsáid.
Foirm Iarratais SF – seol an fhoirm seo chuig foi@comreg.ie nó an seoladh poist thuas.
Má tá cabhair uait ag aithint na dtaifead atá uait, beidh an Feidhmeannach Rochtana Faisnéise in ann cuidiú leat.
Is féidir iarratais agus ceisteanna SF a chur chugainn ar ríomhphost foi@comreg.ie
Error: Contact form not found.
Error: Contact form not found.