Is é ár bhfealsúnacht i leith acmhainní daonna ná:
‘Feabhas a chothú trí sheirbhís straitéiseach AD a sholáthar go comhoibríoch a chuireann ar chumas daoine a n-acmhainneacht a bhaint amach agus a thacaíonn leis an eagraíocht freagairt don timpeallacht rialála atá ag athrú’.
Aithnímid go bhfuil scileanna, eolas agus saineolas na ndaoine a oibríonn ag ComReg lárnach le go n-éireoidh linn. Trínár n-infheistíocht i bhforbairt, déanaimid iarracht i gcónaí a chinntiú go dtacaítear lenár bhfostaithe go léir a n-acmhainneacht a bhaint amach agus spriocanna eagraíochtúla a sholáthar.
Feidhmíonn ComReg i dtimpeallacht dhinimiciúil ina bhfuil cultúr láidir soláthair i réim. Mar eagraíocht il-oilte, foireann-bhunaithe, spreagaimid an fhoireann chun a scileanna agus a gcáilíochtaí a fhorbairt agus a nuashonrú go leanúnach le cur ar ár gcumas a bheith mar eagraíocht shofhreagúil. D’fhonn a chinntiú go ndéanaimid ár straitéis uaillmhianach 5 bliana a sholáthar, tá sé mar aidhm againn linn acmhainní gníomhacha a chothabháil a mbeidh tacair scileanna ábhartha agus cothrom le dáta ann.
Seo cuid de na bealaí ina dtacaíonn ár bhfoireann tiomnaithe Foghlama agus Forbartha lenár bhfoireann:
Cuirimid deis ar fáil do gach ball foirne meantóireacht a fháil mar chuid de chlár struchtúrtha. Is féidir leo siúd faoi mheantóireacht a meantóir féin a roghnú. Cuirtear oiliúint iomlán ar fáil don té atá faoi mheantóireacht agus do mheantóirí nua, le tacaíocht leanúnach.
Ag ár n-oifigí in One Dockland Central, reáchtálaimid rogha éagsúil de chláir oiliúna saincheaptha ar nós idirghabháil, scileanna scríbhneoireachta, léamh luais, oiliúint teileachumarsáide srl.
Tugann ár gclár dhá lá, a nuashonraíodh le déanaí, forbhreathnú ar an eagraíocht, le fócas ar struchtúr, cultúr, stair, cóid iompair, polasaithe srl.
Trí úsáid a bhaint as samplaí fíorsaoil agus cás-staidéir ón Aontas Eorpach, tugann an oiliúint seo forbhreathnú cuimsitheach ar shaincheisteanna rialála agus ar fhorbairtí san earnáil teileachumarsáide.
Trínár bpróiseas bordála, clár céimithe agus próiseas bainistíochta feidhmíochta.
Seoladh creat Inniúlachta nua le déanaí agus is í an leabharlann í a choinníonn agus a eagraíonn na tuairiscí ar iompraíochtaí is infheidhme ag gach leibhéal do gach ról. Bainimid úsáid as an gcreat seo inár bpróiseas earcaíochta.
Is mór againn an tiomantas a dhéanann ár bhfoireann agus iad ag tabhairt faoi oiliúint oideachais. Tá an t-am agus an fuinneamh a dhéantar a infheistiú suntasach agus tugaimid tacaíocht trí shaoire staidéir/scrúdaithe, cúnamh le táillí cúrsa, soláthar rochtana ar sheirbhís éagsúla leabharlainne, téacsleabhair, irisí, ábhair ar líne srl, trí eagraíochtaí aitheanta ar nós Cullen International, Coláiste na Tríonóide, agus an IMI. I measc na samplaí de staidéir acadúla a rinne an fhoireann le déanaí tá; Dioplóma Iarchéime i nDlí Iomaíochta na hEorpa, Dioplóma i Rialachas Rialála.
Trínár bplean foghlama agus forbartha spriocdhírithe, spreagaimid iad siúd a oibríonn ag ComReg chun cur lena gcuid saineolais. Creidimid go gcuirfidh sé seo ar a gcumas riachtanais a róil reatha a chomhlíonadh agus ullmhú do dhúshláin agus deiseanna amach anseo.
Error: Contact form not found.
Error: Contact form not found.