Creat Earcaíochta agus Inniúlachta

Earcaíocht 

Is eagraíocht é ComReg ina n-oibríonn foirne de dhaoine gairmiúla tiomanta i dtimpeallacht ina bhfuil soláthar sofhreagrúil riachtanach. Is iad ár ndaoine an tsócmhainn is mó atá againn agus déanaimid ár ndícheall timpeallacht a chruthú ina dtéann táirgiúlacht agus folláine le chéile. Spreagaimid fostaithe le bheith réamhghníomhach chun iad féin agus an gnó araon a fhorbairt agus chun cur leis an idirphlé inmheánach ar an dóigh leis na torthaí is fearr dár gcustaiméirí a fháil. Is mór againn ionracas agus táimid tiomanta caitheamh go measúil lenár bhfostaithe agus le gach duine a thagann i dteagmháil linn. Táimid ag súil go dtabharfaidh na daoine a oibríonn linn an chúirtéis seo dá chéile, do chustaiméirí, do sholáthraithe agus do rannpháirtithe. Cuirimid tacaíocht den scoth ar fáil don fhorbairt agus don oideachas agus táimid tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus tacú leo a lánacmhainneacht a bhaint amach. Amharc ar ár Ráiteas Straitéise anseo.

Cuimsíonn ár bpacáiste luach saothair* bonnphá agus raon buntáistí lena n-áirítear: 

    • Deiseanna forbartha pearsanta agus oiliúna den scoth 
    • Rochtain ar chlár cuimsitheach EAP 
    • Cúnamh oideachais 
    • Saoire bhliantúil tharraingteach 
    • Tionscnaimh Folláine 
    • Socruithe oibre solúbtha/teilea-oibrithe 
    • Scéim Pinsin Seirbhíse Poiblí Aonair 

Más maith leat beart a dhéanamh de réir briathair agus má tá ag iarraidh a bheith ar theann do dhíchill le do chuid buanna intleachtúla, más mian leat a bheith rannpháirteach i dteileachumarsáid agus i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha, má éiríonn leat i dtimpeallacht ina mbíonn an obair spreagúil agus a dhéanann do chuid oibre difear, mar sin is é ComReg an eagraíocht duitse. Cuardaigh   folúntais reatha nó déan teagmháil leis an fhoireann HR careers@comreg.ie.

*Tá ár gcúrsaí pá bunaithe ar bheartas ginearálta pá na hearnála poiblí. 

 

Ceisteanna Coitianta Earcaíochta

We anticipated some of your questions and put them in the Q&A section below. If you cannot find the answer to a question you have, please email us at careers@ComReg.ie, don’t forget to put ‘Recruitment query’ in the subject line.

 

Roth Inniúlachta 

Déanann Roth Inniúlachta ComReg achoimre ar an gCreat Inniúlachta. Chun comhsheasmhacht a chinntiú sa phróiseas earcaíochta go léir, is féidir na hinniúlachtaí go léir a úsáidtear le linn earcaíochta agus roghnóireachta ag ComReg a dhíorthú anois ón gCreat, ina bhfuil na comhpháirteanna seo a leanas; 

  • Naoi dtréith* 
  • Trí bhraisle inniúlachta uileghabhálacha 
  • Aon cheann déag d’inniúlachtaí lárnacha 
  • Cúig Luach ComReg* 

 

Roth an Chreata Inniúlachta *Baineann na tréithe agus na luachanna le gach fostaí de chuid ComReg agus ní bhaineann siad go díreach le hinniúlachtaí, leibhéil nó braislí ar leith. 

Íoslódáil ár gCreat Inniúlachta.

Cad is Creat Inniúlachta ann? 

Is éard atá in Inniúlacht ná cur síos ar an eolas criticiúil, na scileanna agus na cumais a bhfuiltear ag súil go léireoidh daoine aonair iad. 

Is féidir cur síos a dhéanamh ar Chreat Inniúlachta mar an leabharlann a choinníonn agus a eagraíonn cur síos ar iompraíochtaí is infheidhme ag gach leibhéal do gach ról. 

Cad is cúis le Creat Inniúlachta? 

Comhthuiscint – Tá an próiseas earcaíochta bunaithe ar inniúlachtaí aitheanta agus ar iompar riachtanach 

Éifeachtúlacht agus Fócas – Ní gá athchuairt a thabhairt ar shainmhíniú ar iompar riachtanach do gach folúntas 

Trédhearcacht – Is féidir a shainiú go díreach cad iad na hiompraíochtaí atá ag teastáil 

Féiniúlacht Eagraíochtúil – scríofa i dteanga eagraíochtúil agus a luann an cineál iompair a gcuirimid luach ann mar eagraíocht agus a theastaíonn chun cabhrú linn ár spriocanna a bhaint amach 

Bunús a chruthú – do thionscnaimh amach anseo ar nós conairí gairme a a thógáil, bainistíocht feidhmíochta a struchtúrú, pleananna forbartha pearsanta a cheapadh, agus iompraíochtaí riachtanacha a chuideoidh lena dhéanamh níos éifeachtaí agus níos dírithe.