Cairt Folláine agus Meas

Gealltanas Folláine ComReg 

ComWell logo

Tá an-aird ag ComReg ar fholláine fostaithe. Ní hé go bhfuilimid ag teacht i dtír anois air! Ag breathnú siar le deich mbliana anuas, tá ComReg tar éis a bheith réamhghníomhach i gcónaí ag tacú lenár bhfoireann chun cabhrú leo dea-shláinte a bhaint amach i ngach ciall den fhocal agus táimid bródúil go bhfuil ár dtiomantas ag fás i gcónaí. 

Mar fhostóir freagrach, ba mhaith linn cultúr oscailte, measúil agus cuimsitheach san ionad oibre a chothú trí na tionscnaimh thacúla folláine riachtanacha agus na dea-chleachtais san ionad oibre a theastaíonn chun é seo a bhaint amach a chur i bhfeidhm. Cé go bhfuilimid fós tiomanta don chur chuige seo, is tábhachtach freisin don fhoireann a aithint go bhfuil freagracht iomlán orthu féin as a bhfolláine féin. 

Ba mhaith linn gealltanas a thabhairt maidir leis an rún leanúnach atá againn tacú le muintir ComReg sna réimsí seo.  Táimid tar éis é seo a dhéanamh trínár dtiomantas a scríobh trí Ghealltanas a cheapadh de réir ár luachanna agus ár gCairt Meas. 

Is doiciméad gairid é an gealltanas seo (thíos) a leagann amach ár gcur chuige, ár n-éiteas, agus ár dtiomantas don fholláine, chomh maith leis an obair atá déanta againn agus a leanfaimid dá dhéanamh. 

Íoslódáil Gealltanas Folláine ComReg

 

Cairt Meas ComReg 

Leagann ár gCairt Measa amach caighdeáin maidir leis an dóigh a bhfuil sé mar aidhm againn idirghníomhú lena chéile ag an obair. Trí mheon na Cairte a chur i bhfeidhm go freagrach, cruthóimid le chéile cultúr measúil san ionad oibre ina n-éireoidh linn agus ina ndéanfaimid ár gcuid is fearr den obair. 

Íoslódáil Cairt Meas ComReg