CAD IS UNG ANN? 


Is é is UGN (Uimhir Neamhgheografach) ann ná aon uimhir theileafóin a thosaíonn le 1800 nó 0818. 

Úsáidtear UGNanna ag gnólachtaí, carthanachtaí, agus eagraíochtaí eile na hÉireann chun seirbhísí a chur ar fáil, ar nós línte cabhracha, seirbhísí poiblí agus baincéireacht. 

CAD ATÁ ATHRAITHE? 

NÍL ANN ANOIS ACH DHÁ RAON UNG, SAORGHLAO 1800 AGUS RÁTA CAIGHDEÁNACH 0818 

Níl uimhreacha 1850, 1890 ná 076 i mbun feidhme a thuilleadh. .

D’athraigh go leor eagraíochtaí a d’úsáid uimhreacha 1850, 1890, agus 076 go huimhreacha teileafóin 1800 nó 0818 anois. 

Seiceáil ar líne le haghaidh uimhreacha nua le haghaidh na seirbhísí atá ag teastáil uait (m.sh. suíomh gréasáin na heagraíochta nó próifílí na meán sóisialta). 

 

GLAONNA UNG AR CHOSTAS NÍOS ÍSLE 

Cuimsítear glaonna ar uimhreacha ar Ráta Caighdeánach 0818 i gcuacha a chuimsíonn glaonna ar línte talún.
Lasmuigh den chuach, gearrtar glaonna 0818 ar an “Ráta Caighdeánach”. Níl an táille seo níos mó ná glao a chur ar líne thalún. 

Ní mór do thomhaltóirí a thabhairt faoi deara go mbaintear gach glao ar na UNGanna seo ó chuacha ar bhonn in aghaidh an nóiméid nó, mura bhfuil
cuach ann, gearrtar iad ar bhonn in aghaidh an nóiméid. 

Má tá imní ar bith ort maidir le do phraghasphlean reatha, seiceáil le d’oibritheoir teileafóin. 

Fanann glaonna ar uimhreacha Saorghlao 1800 saor in aisce. 

 

GRAFAIC EOLAIS (2022) 

Cruthaíodh grafaicí eolais as Béarla agus as Gaeilge chun sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi ar athraigh UNGanna chun feabhais.

 

INFOGRAPHIC (2020)

Sa ghrafaic eolais atá nasctha anseo i mBéarla agus i nGaeilge, déantar achoimre ar na hathruithe atá á ndéanamh ar Uimhreacha Neamhgheografacha sna blianta 2020 agus 2021 agus conas a théann sé i bhfeidhm ort, an tomhaltóir.

 

 

CÉN FÁTH NA hATHRUITHE? 


É a dhéanamh níos éasca teagmháil a dhéanamh le seirbhísí: Trí UNGanna a shimpliú go dhá raon uimhreacha atá éasca le tuiscint, tá sé níos éasca anois rochtain a fháil ar sheirbhísí.
 

Glaonna ar chostas níos ísle: Cuimsítear glaonna ar UNGanna 0818 i do chuach glao nó tá costas orthur nach bhfuil níos mó ná glao a chur ar líne thalún.
Fanann glaonn ar 1800 saor in aisce, beag beann ar do phacáiste glao. 

‘Geit ó bhillí’ laghdaithe: Le dhá raon UNG, beidh a fhios agat cé mhéad a chosnaíonn sé glao a chur ar UNGanna, ag laghdú an riosca ‘geit ó bhillí’ a thagann ó ghlaonna a chur.

CAD ATÁ ORM A DHÉANAMH? 

Ag cur glao ar sheirbhís a theastaíonn uait? Déan cinnte go bhfuil uimhreacha nua na seirbhísí agat trí sheiceáil ar líne nó trí sheiceáil ábhair mhargaíochta le déanaí, ar nós bileoga agus póstaeir. Le déanaí, chuir roinnt eagraíochtaí a gcustaiméirí ar an eolas faoina n-uimhreacha nua trí theachtaireacht nó ríomhphost a sheoladh chucu. Mar sin, déan cinnte go seiceálann tú na nithe seo chomh maith. 

Ag cur glao ar UNG? Má tá cuach nóiméad glao agat cheana féin a bhfuil glaonn ar línte talún san áireamh, ní gá duit aon rud a dhéanamh. Cuimsítear glaonna ar uimhreacha 0818 i do chuach glao.  Mura bhfuil cuach dá leithéid sin agat, seans go mbeadh tú ag iarraidh smaoineamh ar phlean le nóiméid glaonna cuachta. 

Ar ais chuig leathanach baile UNG anseo. 

Calls to 1800 numbers are always free.