Séanadh na hUirlise Comparáide

Aidhm Uirlis Chomparáide ComReg (“ComReg Compare”)

Is chun críocha faisnéise amháin atá an suíomh gréasáin seo (cuimsíonn “suíomh gréasáin” aon fheidhmchlár móibíleach nó feidhmchlár eile a thugann rochtain duit ar shuíomhanna gréasáin). Is í an úsáid cheart atá leis ná mar uirlis idirghníomhach a léiríonn comparáid idir an costas a bhaineann le raon leathan pleananna taraife oibritheoirí le haghaidh seirbhísí seasta, móibíleacha agus leathanbhanda.

Cuireann ComReg an tseirbhís seo ar fáil i gcomhréir lena dhualgas dlíthiúil chun cur ar chumas úsáideoirí roghanna eolasacha a dhéanamh agus cinneadh á dhéanamh soláthróirí seirbhíse cumarsáide a athrú nó pacáiste a athrú leis an soláthróir seirbhíse céanna. Is é sprioc ComReg an deis a thabhairt do thomhaltóirí chun tairiscintí margaidh soláthróirí seirbhíse cumarsáide a chur i gcomparáid trí scagairí éagsúla lena n-áirítear cineál plean, cineál líonra, fad conartha, teicneolaíocht, luasanna agus soláthróir seirbhíse.

Is chun críocha léirithe amháin atá na torthaí a chuirtear i láthair agus beidh siad ag brath ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus na toimhdí a úsáidtear san uirlis ríofa.
Déanann soláthróirí seirbhíse na sonraí a úsáidtear in Uirlis Chomparáide ComReg a uaslódáil uair sa ráithe ar a laghad agus dá bhrí sin, tráth a n-úsáidtear iad ar an suíomh gréasáin, d’fhéadfadh sonraí atá níos cothroime le dáta a bheith ar fáil. D’fhéadfadh fíorthaithí an úsáideora, ag brath ar chúinsí ar leith an úsáideora, a bheith difriúil ó na torthaí a thaispeántar ar an suíomh gréasáin.

Is faisnéis ghinearálta í an fhaisnéis a chuirtear ar fáil agus ní thabharfaidh sí aghaidh ar chúinsí sonracha duine aonair ar leith. Má tá ceist agat faoi do chúinsí ar leith, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an oibritheoir/na hoibritheoirí ábhartha.

Cuireann ComReg an tseirbhís seo ar fáil chun rochtain an phobail ar fhaisnéis a fheabhsú agus féadfaidh ComReg é a leasú/a tharraingt siar ag am ar bith. Is é sprioc ComReg an fhaisnéis seo a choinneáil reatha agus cruinn. Má chuirtear earráidí ar a shúile dó, déanfaidh sé iarracht iad a cheartú chomh tapa agus is féidir. Déan teagmháil le webmaster@comreg.ie chun aon earráidí a thuairisciú.

Gan bharánta

Ní thugann ComReg aon ionadaíocht, baránta, ráthaíocht, gealltanas ná dearbhú ar bith (sainráite nó intuigthe) maidir le cruinneas na faisnéise atá ar an suíomh gréasáin seo nó ar aon suíomh gréasáin tríú páirtí, lena n-áirítear suíomh gréasáin aon oibritheora nó maidir leis na torthaí deiridh a chuirtear ar fáil tríd an uirlis seo.

Tabhair faoi deara nach ionann na torthaí a fhaightear agus ionsamhlúchán ar shonraisc mhíosúla agus nach bhfuil siad le húsáid chun sonraisc mhíosúla a réiteach. Má tá aon cheist agat maidir le sonraisc mhíosúla, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’oibritheoir. Mar an gcéanna, chun faisnéis mhionsonraithe a fháil faoi aon cheann de na pleananna taraife, téigh i dteagmháil leis an oibritheoir ábhartha.

Is iad na hoibritheoirí móibíleacha aonair a sholáthraíonn an fhaisnéis taraife maidir leis na pleananna taraife ar an suíomh gréasáin seo agus is ar na hoibritheoirí móibíleacha amháin atá an fhreagracht i gcónaí as an ábhar sin.

Gan chonradh

Chun aon amhras a sheachaint, tabhair faoi deara nach bhfuil aon údarás ar bith ag ComReg ceangal a chur ar aon oibritheoir le haon chonradh (ó bhéal nó i scríbhinn) agus nach ionann na torthaí agus tairiscint ó ComReg nó ó aon oibritheoir, atá in ann glacadh leis.

Úsáid aonair agus modhanna rochtana

Tá an suíomh gréasáin seo le haghaidh úsáid neamhthráchtála amháin agus níl sé chun críocha gnó. Is féidir teacht air trínár suíomh gréasáin, gnáthbhrabhsálaithe gréasáin agus móibíleacha agus feidhmchláir tomhaltóirí den chineál céanna agus aon aip a d’fhéadfaimis a fhorbairt, ach ní le haon róbat, ransaitheoir, léitheoir as líne, feidhmchlár cuardaigh/aisghabhála láithreáin nó gléas, uirlis nó próiseas láimhe nó uathoibríoch eile chun sonraí a aisghabháil, a innéacsú nó a thochailt ónár suíomh gréasáin.

Úsáid Seolta agus Éirchóid

D’fhéadfaí faisnéis a aisghabháil ón suíomh gréasáin trí sheoladh nó Éirchód (ón gCóras Náisiúnta Postchód) a chur isteach de láimh sa tsaoráid chuardaigh. Trí úsáid a bhaint as an tsaoráid chuardaigh, toilíonn tú leis an úsáid a bhaineann ComReg as an bhfaisnéis a cuireadh isteach. Ba chóir duit a bheith cúramach agus an fhaisnéis á cur isteach sa tsaoráid chuardaigh chun a chinntiú go bhfuil sé ceart. Is féidir tuilleadh eolais maidir le hÉirchóid a fháil anseo agus tá Ráiteas Príobháideachais Éirchóid anseo.

Teorannú ar dhliteanas

A mhéid is mó a cheadaítear faoin dlí, ní bheidh ComReg, na Coimisinéirí ná fostaithe agus comhairleoirí ComReg faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó damáiste ar bith a tharlaíonn de bharr nó maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin seo nó as aon saoráid nó seirbhís a chuireann an suíomh gréasáin seo ar fáil (lena n-áirítear caillteanas nó damáistí indíreacha nó iarmhartacha ach gan a bheith teoranta dóibh, caillteanas sonraí, ioncaim, brabúis nó deiseanna, caillteanas damáiste do mhaoin nó éilimh tríú páirtithe) fiú má cuireadh in iúl do ComReg go bhféadfadh caillteanas nó damáistí den sórt sin teacht chun cinn nó go raibh an caillteanas agus na damáistí sin réasúnta intuartha. Baineann an teorannú dliteanais seo ina iomláine freisin le suíomhanna idirlín seachtracha a nascann leis an suíomh seo, nó atá nasctha leis nach bhfuil ComReg freagrach astu.

Sa chás go nascann ár suíomh le suíomhanna eile, níl an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide freagrach as ábhar, cóipcheart nó polasaithe príobháideachais na suíomhanna gréasáin seo. Cuirtear naisc agus tagairtí do shuíomhanna gréasáin, d’eagraíochtaí nó do dhaoine eile lasmuigh de ComReg ar fáil mar áis amháin agus níor cheart glacadh leo mar mholadh ó ComReg. Cuireann ComReg an tseirbhís seo ar fáil chun rochtain an phobail ar fhaisnéis a fheabhsú.

Maoin Intleachtúil

Tá an fhaisnéis, an t-ábhar, na grafaicí, an téacs, na híomhánna, na trádmharcanna, na hainmneacha trádála agus na lógónna atá ar an suíomh gréasáin seo faoi chosaint cóipchirt, trádmhairc, ceart ar bhunachar sonraí, ceart sui generis agus dlíthe maoine intleachtúla eile.

Ní féidir an téacs/ábhar seo a thaispeántar ar an suíomh gréasáin seo a stóráil go buan nó a chóipeáil lena dháileadh tuilleadh. Ní féidir saothair dhíorthacha a chruthú ó ábhar an tsuímh gréasáin. Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin, aontaíonn tú gan aon ais-innealtóireacht nó aisthiomsú a dhéanamh ar aon cheann de na bogearraí nó teicneolaíocht eile a úsáideann ComReg. Tá cosc iomlán ar aon chóipeáil, dáileadh, stóráil nó seachadadh eile d’aon chineál, nó aon chineál úsáide tráchtála d’ábhar an tsuímh gréasáin, gan údarú sainráite i scríbhinn a fháil roimh ré ó ComReg.

Ní féidir aon naisc chuig an suíomh gréasáin seo a chur san áireamh in aon suíomh gréasáin eile gan údarú sainráite i scríbhinn a fháil ó ComReg.

Leasú

Coimeádann ComReg an ceart na Téarmaí agus Coinníollacha a athrú ag am ar bith trí athruithe a phostáil ar líne. Tá tú freagrach as athbhreithniú rialta a dhéanamh ar fhaisnéis a phostáiltear ar líne chun athruithe den sórt sin a thabhairt faoi deara go tráthúil. Is ionann an úsáid leanúnach a bhaineann tú as an suíomh gréasáin seo agus glacadh leis trí thic a chur sa ‘bhosca glactha’ tar éis athruithe a bheith postáilte, agus glacadh leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo arna modhnú ag na hathruithe a postáladh.

Ráiteas Príobháideachais

Tá ráiteas príobháideachais ComReg mar chuid den Séanadh seo.

An Dlí Rialaithe

Beidh an Séanadh seo agus an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin seo faoi rialú dhlíthe na hÉireann agus beidh dlínse ag cúirteanna na hÉireann amháin chun aon agraí, gníomhartha nó imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh agus chun aon díospóidí a réiteach a d’fhéadfadh teacht chun cinn as an gcéanna nó i dtaca leis.

Scaradh

Más rud é gur cheart a chinneadh go bhfuil aon chuid den Séanadh seo neamhdhleathach, neamhbhailí nó neamh-infheidhmithe ar shlí eile, déanfar an téarma nó na téarmaí sin a bhaint agus a scriosadh as an gclásal lena mbaineann agus mairfidh na Téarmaí agus Coinníollacha eile, fanfaidh siad i lánfheidhm agus i lánéifeacht agus leanfaidh siad de bheith ceangailteach agus infhorfheidhmithe.