Soláthraíonn cineálacha éagsúla teicneolaíochta leathanbhanda do thithe agus do ghnólachtaí in Éirinn. Braithfidh an nasc leathanbhanda a gheobhaidh tú ar an áit a bhfuil cónaí ort, ar an teicneolaíocht atá ar fáil, agus ar na soláthróirí atá ag feidhmiú i do cheantar.
Seo roinnt eolas cabhrach ar leathanbhanda agus ar na forbairtí i dteicneolaíocht leathanbhanda.
Is iad na príomhchineálacha nasc leathanbhanda atá ar fáil in Éirinn ná:
Is é leathanbhanda snáithín an teicneolaíocht leathanbhanda is déanaí a thairgeann an leathanbhanda ar an luas is airde agus is iontaofa atá ar fáil do thomhaltóirí. Uaireanta tugtar Cábla Snáthoptaice go hÁitreabh (FTTP), Cábla Snáthoptaice go Baile (FTTH) nó Snáithín Lán ar leathanbhanda snáithíní. Seo nuair is cábla snáthoptaice gach cábla a thugann an t-idirlíon chuig do theach nó chuig d’áitreabh. I láthair na huaire, is féidir le nasc lánsnáithín luasanna suas le 2 ghigighiotán sa soicind (Gbps) a sheachadadh, arb ionann é sin agus 2,000 Meigighiotán sa soicind (Mbps).
Úsáideann leathanbhanda páirt-snáithín nó cábla snáthoptaice go colbha (FTTC) cáblaí snáthoptaice suas go dtí an colbha sráide áitiúil agus ansin copar nó cábla as sin go dtí do theach. Go ginearálta seachadann cábla snáthoptaice go colbha luasanna suas le 100 Meigighiotán sa soicind (Mbps), ach braitheann na luasanna seo ar an bhfad idir d’áitreabh agus an colbha sráide.
Is leathanbhanda é Leathanbhanda Cábla a sholáthraítear thar líonra teilifíse cábla. Is féidir le leathanbhanda cábla luasanna suas le 1,000 MBps a sholáthar. Tairgeann na cáblaí comhaiseacha seo luasanna níos fearr ná naisc chopair ach ní thairgeann siad an fheidhmíocht chéanna is a thairgeann leathanbhanda lánsnáithín. Is féidir le líonraí cábla leathanbhanda leas a bhaint as leathanbhanda snáithín do chuid díobh – rud a chiallaíonn go n-úsáideann siad cáblaí snáthoptaice chuig do cholbha sráide áitiúil, ansin cábla isteach i do theach.
Tagraíonn leathanbhanda copair do naisc a úsáideann cáblaí copair a nascann ón malartán gutháin an bealach ar fad chuig do theach. Dearadh teicneolaíocht na líne copair ar dtús chun seirbhísí gutha teileafóin a sholáthar ag suíomh seasta. Ní raibh líonraí copar-bhunaithe deartha chun méideanna móra sonraí nó tráchta idirlín a iompar. Tá copar níos moille ná leathanbhanda Snáithín, Páirt-Snáithín nó Cábla (suas le 30Mbps). Tá tuilleadh eolais againn faoi uasghrádú an ghréasáin copair
Is cineál leathanbhanda é Rochtain Gan Sreang Seasta nó Gan Sreang Seasta (FWA) a úsáideann comharthaí raidió chun teach nó áitreabh a nascadh trí ghlacadóir le bunstáisiún seasta áitiúil, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon nasc cábla ann (seachas a d’fhéadfadh a bheith ann ó aeróg atá suite go seachtrach isteach san áitreabh).
Cosúil le teilifís satailíte, seolann leathanbhanda satailíte comhartha ó shatailít teileachumarsáide chuig mias satailíte atá suiteáilte ar do mhaoin. Ceanglaítear ansin le ródaire Wi-Fi é le haghaidh nascacht leathanbhanda. Ciallaíonn sé seo nach gá duit a bheith ag brath ar nasc cábla chun leathanbhanda a fháil is cuma cá bhfuil tú lonnaithe sa tír.
Murab ionann agus leathanbhanda traidisiúnta, soláthraíonn leathanbhanda móibíleach nasc idirlín ag baint úsáid as guthán póca nó ródaire Wi-Fi ina bhfuil cárta SIM a nascann leis na comharthaí 5G nó 4G céanna is a nascann gnáth-ghuthán póca. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh leathanbhanda móibíleach chomh tapa nó chomh hiontaofa leis an idirlíon seasta. Mar sin féin, is féidir leis an tsoghluaisteacht agus an tsolúbthacht bhreise a bheith tarraingteach do go leor daoine.
Cosúil le leathanbhanda líne sheasta, d’fhéadfadh roinnt gléasanna éagsúla nascadh le leathanbhanda móibíleach ag an am céanna.
Tá clúdach guthán póca tábhachtach d’aon duine atá ag iarraidh pacáiste móibíleach idirlín a cheannach. Tá sé tábhachtach an clúdach móibíleach i do cheantar a thabhairt faoi deara. Mar sin is féidir láidreacht chomharthaí na soláthróirí éagsúla a chur i gcomparáid do na glúine líonraí móibíleacha éagsúla (.i. 4G nó 5G). Bíodh a fhios agat, áfach, go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag ábhair thógála agus insliú tí ar chlúdach móibíleach taobh istigh.
Cliceáil anseo chun an clúdach móibíleach i do cheantar a sheiceáil.
Tá éagsúlacht leathan oibreoirí líonra agus soláthróirí miondíola ag Éirinn.
Is iad Oibreoirí Líonra na cuideachtaí sin a thógann, a bhainistíonn agus a oibríonn an bonneagar a fhágann gur féidir rochtain a fháil ar leathanbhanda. Tá codanna den bhonneagar reatha ag leathnú chun ardteicneolaíochtaí a thabhairt go níos mó áiteanna sa tír agus chun seirbhísí feabhsaithe leathanbhanda a thairiscint.
Is iad Soláthróirí Seirbhíse Miondíola na cuideachtaí a gceannaíonn tusa, mar thomhaltóir, do sheirbhís leathanbhanda uathu. Féadfaidh oibreoir líonra agus soláthróir seirbhíse miondíola a bheith ina gcuid den ghrúpa céanna cuideachtaí; is cuideachtaí ar leithligh iad de ghnáth, mar sin féin. Tá liosta soláthróirí leathanbhanda againn.
Rud a luaitear go minic agus leathanbhanda á cheannach, nó nuair a fhógraítear é, ná luas leathanbhanda. Déantar é seo a thomhas de ghnáth i meigighiotáin sa soicind (Mbps) nó gigighiotáin sa soicind (Gbps). Is ionann gigighiotán amháin sa soicind (1Gbps) agus 1000 meigighiotán sa soicind (1000Mbps). Dá mhéad meigibheart a bhíonn an, is amhlaidh is tapúla a bheidh do nasc leathanbhanda agus beidh sé ar chaighdeán níos fearr.
Is iad seo na luasanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith luaite.
Seo cé chomh tapa agus is féidir leat sonraí a uaslódáil chuig an idirlíon. Chuirfeadh sé seo isteach ar rudaí amhail ríomhphoist a sheoladh, físeáin nó pictiúir a uaslódáil ar na meáin shóisialta, nó físchomhrá.
Seo cé chomh tapa agus is féidir leat sonraí a fháil ón idirlíon. Dá airde an luas, is ea is tapúla a íoslódálfar na leathanaigh ghréasáin agus na híomhánna, agus fís-sruthú ar chaighdeán níos airde féideartha.
Ní mór do do sholáthróir na nithe seo a leanas a chur san áireamh i do chonradh;
Is féidir leat luas d’idirlín a sheiceáil trí úsáid a bhaint as ceann de na huirlisí ar líne mar an Speedtest by Ookla.
Mura bhfuil tú cinnte faoi na cineálacha naisc leathanbhanda atá ar fáil i do cheantar mar aon leis na luasanna féideartha, is féidir lenár Seiceálaí Leathanbhanda cabhrú leat. Níl le déanamh agat ach do sheoladh nó Éirchód a chur isteach.
Chun an margadh leathanbhanda is fearr a aimsiú a oireann do do chuid riachtanas, tá uirlis neamhspleách comparáide praghsanna againn.
Error: Contact form not found.
Error: Contact form not found.