The letter iAbout Comreg IconAbout PRS IconAbout PRSAuthorise Postal ProvidersAuthorise Postal Providers IconBase Station Location IconRadio Tower broadcasting wavesBilling Option IconShow more billing options for this planView this sectionA rightward arrowCode of Practice IconCode of PracticeA weighing scalesCompare Services IconCompetition Law Enforcement IconCompetition Law EnforcementPerson holding their hand up with a question markComplaints and Queries IconCompliance Enforcement IconCompliance EnforcementComreg Investigations IconComreg InvestigationsGroup of peopleConsumer Services IconComReg ConsumerTwo people speaking with a speech bubbles Government building with flagCorporate Governance Icon Coverage Map of IrelandCoverage MapPerson wearing a headsetCustomer Service IconArrow pointing downDownloadE-licencingE-licencing IconErrorA red sign with a white exclamation markFacebookThe Facebook LogoTwo Speech bubblesFeedback IconSquiggly line Iconfive_eight_gz IconOpen PadlockFreedom Act IconFrequency Allocations IconFrequency AllocationsStampGeneral Authorisation IconLandline PhoneHome Phone IconIndustry Forms IconIndustry FormsComReg IndustryA tall buildingInternational IconInternationalLaptop computerInternet IconJargon Buster IconJargon BusterGavel hammer used in courtLegislation IconLicense Exceptions IconLicense ExceptionsLicensing IconRolled Certificate with RibbonLiecense Ammendments Permissions IconLiecense Ammendments PermissionsLinkedinThe LinkedIn Logo - this link will open in a new windowMarket Analysis IconMarket AnalysisMarket Information IconMarket InformationMegaphoneMobile PhoneMobile Phone Iconnav-home-iconnav-home-icon-bluenav-home-icon-greenA folded newspaperIndustry News IconA folded newspaperNews and Press IconNounSubmit a consumer query or complaintPhone BookNumbering Naming Addressing IconShow other information about planOther Information IconShow payment options for this planPayment Options IconPDF logoPDF fileLocation DevicePersonal Locator Beacon IconEnvelopePostal IconPostBoxPostal Authorisation IconEuro symbolPremium Rate IconTest Trail One IconTest Trail OnePrice Control Accounting IconPrice COntrol AccountingProductsProducts IconPRS Number IconPRS NumberBlank PagePublications IconRadio SpectrumRadio Spectrum IconRadio Tower broadcasting wavesIndustry Radio Spectrum IconRegulation Of An Post IconList with a tick markSignal wavesRSS FeedSpectrum Awards IconSpectrum AwardsSpectrum Compliance IconSpectrum ComplianceJigsaw pieceStrategy IconTips Advice IconTips AdviceShapeTwitterThe Twitter Logo - this link will open in a new windowec-networkec-networkEC SignalEC Signalec-checklistec-checklistec-deviceec-deviceec-peopleec-peopleec-speechec-speechXThe X Logo - this link will open in a new window
Home / Comhairle & Eolas / Leathanbhanda & Guthán Baile / An Leas is Fearr a Bhaint as do Leathanbhanda & Guthán Baile

An Leas is Fearr a Bhaint as do Leathanbhanda & Guthán Baile

Áirítear sa leathanach seo:

  • An leas is fearr a bhaint as do leathanbhanda sa bhaile  

  • Céard is féidir liom a dhéanamh chun mo leathanbhanda a dhéanamh níos tapa agus chun mo nasc a fheabhsú?  

  • Cén chaoi chun an plean leathanbhanda ceart a aimsiú duitse  

  • Cén t-eolas is féidir a fháil faoi mo leathanbhanda?

  • Smaoinigh ar na ceisteanna tábhachtacha seo a leanas a chur ort féin:  

Cé go bhféadfadh go leor tosca a bheith ina gcúis le fadhbanna seirbhíse leathanbhanda, mar shampla drochaimsir, deisiú línte agus cothabháil, tá roinnt cúiseanna féideartha laistigh dár dtithe freisin.   

An leas is fearr a bhaint as do leathanbhanda sa bhaile  

Má tá luasanna malla idirlín agat, ba chóir duit smaoineamh ar na rudaí seo a leanas.  

  • An bhfuil tú ceangailte le do ródaire trí chábla líonra nó trí Wi-Fi? 

Beidh nasc cábla níos iontaofa i gcónaí agus de ghnáth beidh sé níos tapúla.  

  • Cá fhad agus atá tú ó do ródaire? 

Dá fhad a théann tú ón ródaire, nó dá mhéad baic ar nós ballaí a bhíonn idir do ghléas agus an ródaire, is ea is laige a bheidh do chomhartha. Ar an ábhar sin, is fearr an ródaire a chur in áit lárnach, áit ar dócha go gclúdóidh sé formhór an tí. Dá fhad a théann tú ó do ródaire, is ea is moille na luasanna a gheobhaidh tú, mar aon le nasc nach bhfuil chomh hiontaofa céanna.  

  • Cé mhéad gléas atá nasctha le do Wi-Fi faoi láthair? 

Dá mhéad gléasanna atá nasctha, is mó an seans go mbeidh an iomarca acu gníomhach ag baint úsáid as bandaleithead idirlín ag an am céanna. D’fhéadfadh luasanna níos moille a bheith mar thoradh air seo agus do líne ag streachailt le freastal ar an éileamh. Baineann sé seo go háirithe le físeán a shruthú nó a íoslódáil, rud atá an-éilitheach ó thaobh úsáid líonra de.  

  • Cén luas a fhaigheann tú faoi láthair? 

Má tá fadhb le do leathanbhanda, ba chóir duit nascadh le do ródaire ag baint úsáid as cábla líonra agus déan seiceáil ar luas atá á bhaint amach agat. Cuir an luas seo i gcomparáid le sonraí an phacáiste a bhfuil tú ag íoc as. 

  • D’fhéadfadh luasanna mall a bheith mar thoradh ar an am den lá. 

Is iad buaicluasanna leathanbhanda na luasanna is dócha a gheobhaidh tú nuair a bheidh úsáid idirlín ag an leibhéal is airde. Féadfaidh sé a bheith i bhfad níos moille ná amanna níos ciúine i rith an lae.

Céard is féidir liom a dhéanamh chun mo leathanbhanda a dhéanamh níos tapa agus chun mo nasc a fheabhsú?  

Anois go bhfuil a fhios againn na nithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le roinnt fadhbanna idirlín, is féidir linn scrúdú a dhéanamh ar an méid is féidir linn a dhéanamh chun a fheidhmíocht a fheabhsú.   

  • Bain triail as nasc sreangaithe

Is dócha go mbainfear amach na naisc is cobhsaí le nasc sreangaithe. Chiallódh sé seo ríomhaire nó ríomhaire glúine (mar shampla) a nascadh go díreach le ródaire trí chábla Ethernet.  

  • Bog do ródaire nó suiteáil Sínteoir Raoin Wi-Fi  

Beidh tionchar mór ag suíomh do ródaire ar an áit ina mbeidh an nasc idirlín is fearr i do theach. Má tá sé i seomra thuas staighre, mar shampla, b’fhéidir nach sroichfidh a comhartha seomra i gcúinne eile an tí. Smaoinigh ar é a aistriú go dtí áit níos lárnaí.   

Feabhsaíonn sínitheoirí raoin Wi-Fi raon do chomhartha Wi-Fi. Ciallaíonn sé seo, is cuma cá bhfuil tú i do theach, gur cheart go mbeadh nasc láidir cobhsaí agat.   

  • Atosaigh do ghléas go minic agus coinnigh bogearraí agus feidhmchláir cothrom le dáta  

D’fhéadfadh gléas mall a bheith mar thoradh ar bhogearraí atá as dáta a rith. Bí cinnte na nuashonruithe is déanaí a íoslódáil agus a shuiteáil chun gléasanna a choinneáil ag feidhmiú chomh tapa agus is féidir. Is ionann an scéal maidir leis an leagan is déanaí d’fheidhmchláir.   

  • Smaoinigh ar chainéil Wi-Fi a athrú  

Nuair a bheidh siad á mbunú ar dtús, roghnóidh go leor ródairí cainéal Wi-Fi go huathoibríoch chun oibriú air. Is féidir go bhféadfadh líonra Wi-Fi eile in aice láimhe an cainéal seo a úsáid cheana féin, agus sa chás sin d’fhéadfadh luasanna leathanbhanda níos fearr a bheith mar thoradh ar chainéal eile, agus b’fhiú triail a bhaint as chun teacht ar céard a oibríonn is fearr i do theach.     

  • Uasghrádaigh gléasanna níos sine  

Cé go bhféadfadh gléas níos sine fós cuid mhór dá fheidhmiúlacht a choinneáil, b’fhéidir go mbraitheann sé mall le húsáid, de ghnáth toisc go mbíonn deacrachtaí ag crua-earraí níos sine bogearraí a cuireadh ar an margadh le déanaí a rith. Smaoinigh ar do ghléas a uasghrádú má bhraitheann tú nach gcomhlíonann sé do chuid éileamh a thuilleadh.   

  • Déan stoc de do ghléasanna nasctha go léir  

Má tá roinnt gléasanna nasctha le d’idirlíon d’fhéadfadh go mbeadh luasanna malla mar thoradh ar na héilimh a chuirtear ar an nasc. Is minic go mbíonn níos mó gléasanna againn nasctha leis an idirlíon ná mar a thuigimid. D’fhéadfadh ríomhairí glúine, fóin, táibléid, teilifíseáin, cloigíní cliste dorais, córais slándála, gléasanna cliste tí, gléasanna cliste, agus go leor eile a bheith i gceist leis seo.   

Cén chaoi chun an plean leathanbhanda ceart a aimsiú duitse  

  • Gné thábhachtach chun an leas is fearr a bhaint as do leathanbhanda is ea eolas a bheith agat ar an bpacáiste leathanbhanda ceart agus é a cheannach. Braithfidh sé seo ar go leor gnéithe lena n-áirítear  cé na cineálacha naisc leathanbhanda atá ar fáil i do cheantar féin, féach ar ár Seiceálaí Leathanbhanda  
  • céard iad na soláthróirí ar féidir leat ceannach uathu  
  • cén liúntas sonraí is fearr a oireann do do chuid riachtanas  
  • céard atá tú sásta a chaitheamh  ar an bplean

Ní gá go mbeadh an pacáiste céanna ag teastáil uathu siúd nach n-oibríonn as baile agus nach n-úsáideann ach a leathanbhanda ó am go chéile agus a theastódh ó roinnt daoine san áit chéanna, le go leor gléasanna nasctha.     

Cén t-eolas is féidir a fháil faoi mo leathanbhanda?

Dóibh siúd ag a bhfuil conradh faoi láthair, tá tú i dteideal an Chomhairle Taraife is Fearr ó do sholáthróir reatha leathanbhanda. Tá tú i dteideal an Fhaisnéis Taraife is Fearr a fháil uair sa bhliain agus an Chomhairle Taraife is Fearr ag deireadh do chonartha Ba chóir go soláthródh sé seo eolas duit ar d’úsáid leathanbhanda san am a chuaigh thart chomh maith le moladh faoi na pleananna is fearr a oireann do do chuid riachtanas

Cinntíonn sé go bhfuil tú níos eolaí chun an tseirbhís a fhreastalaíonn ar do chuid riachtanas a roghnú. Féach an rannán conartha le haghaidh tuilleadh eolais. 

Smaoinigh ar na ceisteanna tábhachtacha seo a leanas a chur ort féin:  

  • Cé mhéad gléas a bheidh nasctha leis an idirlíon ag aon am amháin ag sruthú físeáin?  
  • Céard a bheidh mar phríomhghníomhaíocht idirlín?  
  • Cé chomh minic is a bheidh do leathanbhanda á úsáid go gníomhach agat ó lá go lá nó ó sheachtain go seachtain?  
  • Chun tuairim a fháil faoin méid a úsáideann gníomhaíocht idirlín sonraí tá an tábla seo againn mar threoir thagartha.   
Gníomhaíocht Luas leathanbhanda is lú atá ag teastáil
Brabhsáil ar líne 1 Mbps (íoslódáil) 
Fís-sruthú HD 5 Mbps (íoslódáil) 
Fís-sruthú ultra-ardghléine 30 Mbps (íoslódáil) 
Prótacal Idirlín Guthaithe 0.25 Mbps (íoslódáil and uaslódáil) 
Cluichíocht fíor-ama ar líne 0.25 Mbps (íoslódáil) and 0.5 Mbps (uaslódáil) 
Físghlaonna 1 Mbps (íoslódáíl and uaslódáil) 

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar ár bhfaisnéis leathanbhanda faoi na cineálacha leathanbhanda go léir atá ar fáil in Éirinn.

Is dócha go mbeidh na naisc leathanbhanda is tapúla agus is iontaofa ag teastáil uathu siúd a bhíonn ag cluichíocht ar líne nó ag sruthú físeán. Seans go bhfreastalódh pacáiste níos saoire orthu siúd a bhíonn ag brabhsáil nó a dhéanann scannán nó sraith theilifíse a shruthú anois is arís.  

Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh na héilimh leathanbhanda chéanna ag teaghlaigh a bhfuil roinnt úsáideoirí gníomhacha idirlín acu agus go leor gléasanna nasctha leo siúd a chónaíonn ina n-aonar.  

An raibh an leathanach seo úsáideach?

Error: Contact form not found.

Error: Contact form not found.