Áirítear le seirbhísí guthán póca an lae inniu glaonna gutháin (guth), teachtaireachtaí téacs (SMS), agus idirlíon (sonraí), a sheachadtar trí líonra idirnasctha de chrainn guthán póca. Tá an teicneolaíocht seo tar éis teacht chun cinn go mór le tríocha bliain anuas.
Ba é an chéad seirbhís náisiúnta mhóibíleach in Éirinn ná 1G, a seoladh siar in 1985. Tháinig forbairt ar theicneolaíocht mhóibíleach ó shin, nuair a seoladh 2G den chéad uair in 1993, 3G go luath sna 2000idí, 4G go luath sna 2010idí, agus, le déanaí, le rolladh amach 5G sna 2020idí.
Tugann gach glúin luasanna agus cumais uasghrádaithe leis a ligeann dúinn níos mó a dhéanamh lenár ngléasanna móibíleacha.
Seasann an ‘G’ do ‘Ghlúin’ na teicneolaíochta guthán póca, mar shampla, is é 3G an Tríú Glúin. Bhí gach forbairt in ann seirbhísí idirlín móibíleacha níos tapúla (sonraí) a chur ar fáil, rud a chuir ar chumas fás bliain i ndiaidh bliana ar thomhaltas sonraí, an tseirbhís mhóibíleach is mó a úsáideann tomhaltóirí Éireannacha.
Is é 5G an 5ú glúin de líonraí móibíleacha agus an fhorbairt is déanaí. Tá teicneolaíocht 5G níos tapúla, tá níos lú moilleanna ann, agus is féidir níos mó sonraí a sheoladh agus a fháil ag aon am amháin i gcomparáid leis na glúine roimhe seo. Mar thoradh air sin, tá forbairtí atá dírithe ar 5G i dteicneolaíocht feithicle nasctha, i gcluichíocht thumthach, agus i ngléasanna cliste ar na bacáin.
Oibreoidh 5G taobh le teicneolaíochtaí eile a chumasóidh luasanna sonraí níos tapúla agus nascacht fheabhsaithe idir gléasanna gan sreang.
Tá níos mó agus níos mó soláthróirí móibíleacha ag tairiscint seirbhís 5G agus ag leathnú clúdach 5G s’acu ar fud na hÉireann. Más mian leat a fheiceáil an clúdach atá ann faoi láthair agus an áit a bhfuil clúdach 5G ar fáil, tá léarscáil clúdach móibíleach saor in aisce againn. .
Tabhair faoi deara le do thoil, cé go bhfuil 5G ag éirí níos coitianta, nach soláthraítear 5G le gach pacáiste agus b’fhéidir nach mbeidh roinnt gléasanna comhoiriúnach. Más mian leat plean a aimsiú is fearr a fhreastalaíonn ar do chuid riachtanas, tá uirlis comparáide saor in aisce againn chun cabhrú leat rogha a dhéanamh.
Tá tuilleadh eolais againn faoi 5G agus forbairt na teicneolaíochta móibílí faoi 5G agus forbairt na teicneolaíochta móibílí anseo.
Tá sonraí, glaonna agus/nó téacsanna gan teorainn ar fáil i go leor pleananna guthán póca (plean bille-íocaíochta nó réamhíocaíochta). D’fhéadfadh go n-áireofaí sna pleananna srian ar an méid sonraí is féidir leat a úsáid, teorainn ar an líon nóiméad a chaitheann tú ar ghlaonna, nó líon na dtéacsanna is féidir leat a sheoladh laistigh de thréimhse shonraithe (mí de ghnáth).
Ciallaíonn sé seo má sháraíonn tú aon cheann de na srianta seo go mb’fhéidir go mbeidh ort táillí breise a íoc. Áireofar faisnéis maidir leis na srianta seo agus an praghas chun dul thar do shrian i dtéarmaí agus coinníollacha do chonartha. Féach an rannán conartha den suíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh eolais.
Seo roinnt úsáidí coitianta a bhaineann le do ghuthán póca agus meastachán garbh ar an méid sonraí a d’fhéadfadh siad a úsáid de ghnáth:
Ríomhphost amháin a sheoladh | 20KB – 100KB |
Uasdátú amháin ar na meáin shóisialta (le grianghraf) | 350KB – 2MB |
Uair an chloig amháín ag brabhsáil | 10MB – 100MB |
Uair an chloig amháin de shruthú ceoil | 28MB |
Feidhmchlár amháin a íoslódáil | 40MB – 400MB |
Uair an chloig amháin de shruthú físeáin ar chaighdeán bunúsach | 300MB |
Sruthú 1 uair an chloig d’fhíseán ultra-ardgléine | 7GB |
*Is ionann 1 chilibheart (KB) agus 1,000 beart, is ionann 1 mheigibheart (MB) agus 1,000 cilibheart, is ionann 1 ghigibheart (GB) agus 1,000 meigibheart.
D’fhéadfadh costas breise a bheith ort má úsáideann tú sonraí móibíleacha agus tú i dtír eile – braitheann an costas ar cé acu an bhfuil tú san AE nó nach bhfuil agus ar an méid sonraí a úsáideann tú. Tá tuilleadh eolais againn faoi úsáid sonraí agus faoi do chearta agus tú ag fánaíocht san AE nó lasmuigh den AE
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Fhaisnéis ar Radaíocht Neamhianúcháin, tabhair cuairt le do thoil ar ár leathanach gréasáin a chuimsíonn tonnta raidió a astaítear ó líonraí móibíleacha, radaíocht infridhearg agus solas infheicthe.
Error: Contact form not found.
Error: Contact form not found.