The letter iAbout Comreg IconAbout PRS IconAbout PRSAuthorise Postal ProvidersAuthorise Postal Providers IconBase Station Location IconRadio Tower broadcasting wavesBilling Option IconShow more billing options for this planView this sectionA rightward arrowCode of Practice IconCode of PracticeA weighing scalesCompare Services IconCompetition Law Enforcement IconCompetition Law EnforcementPerson holding their hand up with a question markComplaints and Queries IconCompliance Enforcement IconCompliance EnforcementComreg Investigations IconComreg InvestigationsGroup of peopleConsumer Services IconComReg ConsumerTwo people speaking with a speech bubbles Government building with flagCorporate Governance Icon Coverage Map of IrelandCoverage MapPerson wearing a headsetCustomer Service IconArrow pointing downDownloadE-licencingE-licencing IconErrorA red sign with a white exclamation markFacebookThe Facebook LogoTwo Speech bubblesFeedback IconSquiggly line Iconfive_eight_gz IconOpen PadlockFreedom Act IconFrequency Allocations IconFrequency AllocationsStampGeneral Authorisation IconLandline PhoneHome Phone IconIndustry Forms IconIndustry FormsComReg IndustryA tall buildingInternational IconInternationalLaptop computerInternet IconJargon Buster IconJargon BusterGavel hammer used in courtLegislation IconLicense Exceptions IconLicense ExceptionsLicensing IconRolled Certificate with RibbonLiecense Ammendments Permissions IconLiecense Ammendments PermissionsLinkedinThe LinkedIn Logo - this link will open in a new windowMarket Analysis IconMarket AnalysisMarket Information IconMarket InformationMegaphoneMobile PhoneMobile Phone Iconnav-home-iconnav-home-icon-bluenav-home-icon-greenA folded newspaperIndustry News IconA folded newspaperNews and Press IconNounSubmit a consumer query or complaintPhone BookNumbering Naming Addressing IconShow other information about planOther Information IconShow payment options for this planPayment Options IconPDF logoPDF fileLocation DevicePersonal Locator Beacon IconEnvelopePostal IconPostBoxPostal Authorisation IconEuro symbolPremium Rate IconTest Trail One IconTest Trail OnePrice Control Accounting IconPrice COntrol AccountingProductsProducts IconPRS Number IconPRS NumberBlank PagePublications IconRadio SpectrumRadio Spectrum IconRadio Tower broadcasting wavesIndustry Radio Spectrum IconRegulation Of An Post IconList with a tick markSignal wavesRSS FeedSpectrum Awards IconSpectrum AwardsSpectrum Compliance IconSpectrum ComplianceJigsaw pieceStrategy IconTips Advice IconTips AdviceShapeTwitterThe Twitter Logo - this link will open in a new windowec-networkec-networkEC SignalEC Signalec-checklistec-checklistec-deviceec-deviceec-peopleec-peopleec-speechec-speechXThe X Logo - this link will open in a new window

Scor 3G

Áirítear sa leathanach seo:

  • Uasdátú is Deireanaí 

  • Céard a tharlóidh nuair a scoirfear 3G?  

  • Céard atá ag teacht in áit 3G?

  • An gá dom gléas nua a fháil nó mo ghléas a uasghrádú?  

  • Gléasanna eile a bhféadfadh tionchar a bheith orthu  

soláthróirí seirbhísí móibíleacha ag cur deireadh lena líonraí 3G de réir a chéile agus leanfaidh siad ar aghaidh leis seo sna míonna agus sna blianta amach romhainn. Tabharfaidh sé seo deis do sholáthraithe díriú ar na teicneolaíochtaí níos nuaí, 4G agus 5G a leathnú.   

Uasdátú is Deireanaí 

Tá Vodafone tosaithe ar chodanna dá líonra 3G a mhúchadh agus tá sé beartaithe acu seirbhísí 3G a scor go hiomlán in 2024. 

Úsáideann Clear Mobile agus An Post líonra Vodafone, mar sin ciallaíonn sé seo go mbeidh seirbhísí 3G dá gcuid custaiméirí scortha freisin. 

  • Is féidir tuilleadh eolais do chustaiméirí Vodafone agus Clear Mobile a fháil anseo.
  • Is féidir le custaiméirí móibíleacha An Post tuilleadh eolais a fháil anseo.
  • Cuirfidh gach soláthróir seirbhíse móibílí tús leis an bpróiseas scoir seo ina gcuid ama féin, agus cuirfidh soláthróirí a gcuid tomhaltóirí ar an eolas sula ndéanfar aon athruithe beartaithe dá gcuid seirbhísí. 

Céard a tharlóidh nuair a scoirfear 3G?  

Leanfaidh gléasanna móibíleacha níos sine nach féidir a nascadh ach le líonraí 3G agus 2G ag déanamh agus ag fáil glaonna gutháin thar líonra 2G, ach beidh tionchar ar sheirbhísí sonraí. Ciallaíonn sé seo go mbeidh an t-idirlíon (trí fheidhmchláir agus brabhsálaithe srl.) níos moille.   

Dóibh siúd le guthán cliste/gléas ar a bhfuil 4G nó 5G cumasaithe, ní dócha go gcuirfidh an t-athrú seo isteach orthu.  

D’fhéadfadh do sholáthraí guthán póca teagmháil a dhéanamh leat in am trátha chun a chur in iúl duit an mbeidh tionchar ort nó nach mbeidh agus céard iad na céimeanna is gá duit a ghlacadh. Ba cheart duit seiceáil le do sholáthraí guthán póca chun an scéal is déanaí a fháil maidir lena gcuid pleananna 3G a scor.  

Céard atá ag teacht in áit 3G?

Ciallaíonn scor na seirbhísí 3G go mbeidh níos mó acmhainní ag soláthróirí móibíleacha chun a gcuid líonraí 4G agus 5G a fheabhsú. Soláthraíonn 4G agus 5G araon luasanna idirlín níos tapúla, comhartha níos fearr agus seirbhís mhóibíleach fheabhsaithe do chustaiméirí.   

An gá dom gléas nua a fháil nó mo ghléas a uasghrádú?  

Má tá gléas níos sine in úsáid agat nach dtacaíonn le 4G nó 5G, seans go mbeidh ort gléas láimhe nua a fháil más mian leat leanúint ar aghaidh ag úsáid seirbhísí sonraí móibíleacha.   

Leanfaidh gléasanna níos sine ag tacú le seirbhísí sonraí ar an líonra 2G ach beidh luasanna sonraí i bhfad níos moille acu. D’fhéadfadh do sholáthraí guthán póca a bheith i dteagmháil le huasghrádú a thairiscint duit nó féadfaidh tú dul i dteagmháil leo le fáil amach céard is féidir leo a dhéanamh chun cabhrú leat.  

Gléasanna eile a bhféadfadh tionchar a bheith orthu  

Ní gléasanna móibíleacha amháin a mbeidh tionchar ag scor an líonra 3G orthu. Anseo tá roinnt cineálacha gléasanna liostaithe againn nach n-oibreoidh a thuilleadh tar éis scor 3G. Chun a chinntiú go leanfaidh do ghléas ag obair tar éis an phróisis céimnithe amach, nó chun féachaint an gá duit SIM a uasghrádú nó ceann nua a cheannach, molaimid duit do ghléas a sheiceáil nó dul i dteagmháil le do sholáthraí.   

Liosta de chineálacha eile gléasanna a bhféadfadh tionchar a bheith orthu (tugtha mar threoir amháin):  

  • Úsáideann roinnt feithiclí líonraí 3G le haghaidh uasdátuithe agus cianchumarsáid. Seiceáil le do dhíoltóir áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil. 
  • Tá eolas foilsithe ag Tesla anseo. 
  • Gléasanna aláraim chúraim a ndéantar monatóireacht orthu (brathadóirí titime, cumarsáidí, srl.)  
  • Aláraim shlándála  
  • Aláraim dhóiteáin  
  • Teirminéil íocaíochta cárta díolphointe  
  • Rianairí Fardail  
  • Uaireadóirí cliste  
  • Ríomhléitheoirí (Kindle, Nook, srl.)  
  • Rianairí GPS (lena n-áirítear cinn do pheataí)  
  • Gléasanna sábháilteachta  
  • Geataí Leictreacha Uathoibrithe  
  • Gnéithe/scairdeáin uisce  
  • Córais teasa  

An raibh an leathanach seo úsáideach?

Error: Contact form not found.

Error: Contact form not found.