Tá teicneolaíocht mhóibíleach tar éis a bheith ag síorfhorbairt ó ghléasanna gutha amháin go gutháin chliste a fheidhmíonn mar ghutháin, mar bhrabhsálaithe idirlín, mar ghléasanna baincéireachta agus mar ardáin sruthaithe. Seo cuid de na forbairtí tábhachtacha sa teicneolaíocht mhóibíleach le déanaí.
De réir mar a leathnóidh oibreoirí móibíleacha a gcuid bonneagair, beidh clúdach 5G le fáil i gcuid níos leithne den tír. Ciallaíonn sé seo go mbeidh daoine in ann rochtain a fháil ar chlúdach 5G i níos mó codanna den tír, agus ní in áiteanna áirithe amháin.
Mar an gcéanna, le níos mó gléasanna ar a bhfuil 5G cumasaithe ag dul isteach sa mhargadh, laistigh de na blianta beaga atá romhainn agus gutháin níos sine á n-uasghrádú ag daoine, beidh níos mó agus níos mó againn in ann leas a bhaint as buntáistí na teicneolaíochta móibílí seo atá níos tapúla agus níos iontaofa.
Ní hamháin go bhfeicfear an tairbhe a bhaineann leis seo in úsáid ghinearálta mhóibíleach tomhaltóirí ach freisin i saol na ngléasanna nasctha. Le clúdach agus nascacht mhéadaithe, cuirfidh tuilleadh gléasanna cliste agus gléasanna eile atá nasctha leis an idirlíon lenár saol laethúil. Bainfidh sé seo le gléasanna cliste laistigh d’fheithiclí, fearais chliste inár dtithe, agus gléasanna cliste a úsáideann ospidéil agus seirbhísí leighis.
Tugadh 5G isteach in 2019 agus creideann saineolaithe go bhféadfadh an 6ú glúin de nascacht mhóibíleach a bheith ar fáil in 2030. Cuireann gach glúin den teicneolaíocht seo leis an méid is féidir linn a dhéanamh. Áirítear leis seo luas méadaithe maidir le brabhsáil idirlín agus an luas ag a bhfeidhmíonn ár bhfeidhmchláir mhóibíleacha. Is dócha go bhfeicfimid tuilleadh dul chun cinn freisin i dteicneolaíocht na ngléasanna a úsáidfear chun nascadh le 6G.
Cé go bhfuil eSIMs ar an margadh le roinnt blianta anuas, is féidir linn a bheith ag súil le méadú ar an éileamh a bheidh orthu sna blianta amach romhainn. Is é an phríomhdhifríocht idir cárta SIM rialta agus eSIM ná an cárta SIM fisiciúil féin. Is SIM digiteach é eSIM atá comhtháite ar ghléas úsáideora a ligeann do chur chuige nua maidir le haistriú idir oibreoirí. Ní bhíonn le déanamh ag an úsáideoir ach cód QR a scanadh chun nascadh le hoibreoir móibíleach agus a seirbhís a úsáid.
Ciallaíonn sé seo feidhmiúlacht agus solúbthacht mhéadaithe d’úsáideoirí. Beidh sé níos éasca an t-athrú a dhéanamh toisc nach mbeidh ort fanacht ar SIM fisiciúil chun aistriú ó sholáthraí amháin go soláthróir eile. Mar an gcéanna, beidh sé níos éasca fóin ag a bhfuil dhá SIM a úsáid. Sa chás seo, d’fhéadfadh go mbeadh níos lú gá le dhá ghléas, mar shampla guthán oibre agus guthán pearsanta, mar go ligfidh dhá SIM éagsúla d’úsáideoirí uimhreacha difriúla a úsáid ar an ngléas céanna.
Ina theannta sin, nuair a bhíonn tú ag taisteal i dtír iasachta – bíodh sé sin san Eoraip nó níos faide i gcéin, d’fhéadfadh úsáid a bhaint as cárta SIM áitiúil chun rochtain a fháil ar phleananna sonraí áitiúla cabhrú le costais fánaíochta a sheachaint agus nascacht a fheabhsú.
Tá soláthróirí seirbhísí móibíleacha ag cur deireadh lena seirbhísí líonra 3G de réir a chéile agus leanfaidh siad ar aghaidh leis seo sna míonna agus sna blianta amach romhainn. Ligeann sé seo do sholáthraithe díriú ar na teicneolaíochtaí níos nuaí, 4G agus 5G a leathnú.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar scor 3G, tabhair cuairt ar ár leathanach gréasáin tiomnaithe.
De réir mar a fhorbraítear an teicneolaíocht atá ar leas na ndaoine, tagann forbairt ar an teicneolaíocht a úsáideann haiceálaithe agus calaoiseoirí.
Molaimid duit a bheith cúramach agus do ghuthán póca á úsáid agat, go háirithe nuair a bhaineann sé le camscéimeanna féideartha.
Tá tuilleadh eolais againn dóibh siúd atá ag lorg comhairle ar chamscéimeanna anseo.
Táthar ag súil go leanfaidh an borradh le déanaí ar ghléasanna atá nasctha leis an idirlíon le rolladh amach 5G. Áirítear leis na gléasanna seo gléasanna cliste inár dtithe (fearais chliste, teirmeastait, córais slándála, srl.) go rianairí folláine agus sláinte (uaireadóirí cliste, monatóirí sláinte, srl.). Go bunúsach, is iad gléasanna IoT na gléasanna a nascann agus a mhalartaíonn sonraí le gléasanna agus córais eile ar an idirlíon.
De réir mar a leanann soláthróirí seirbhíse 5G atá ann cheana ag leathnú clúdach s’acu, agus mar a thosóidh miondíoltóirí eile ag tairiscint 5G, is féidir linn a bheith ag súil le gléasanna IoT níos forbartha a fheiceáil ag dul isteach sa mhargadh.
Error: Contact form not found.
Error: Contact form not found.