Is gléas leictreonach é athsheoltóir móibíleach is féidir a úsáid chun clúdach taobh istigh ar sheirbhísí guthán póca amhail glaonna, téacsanna agus sonraí a fheabhsú.
Faigh freagraí ar Cheisteanna Coitianta thíos.
Eolas faoi Athsheoltóirí Guthán Póca
Céard is Athsheoltóir ann?
Is gléas leictreonach é athsheoltóir móibíleach is féidir a úsáid chun clúdach taobh istigh ar sheirbhísí guthán póca a fheabhsú.
Tá na seirbhísí seo oiriúnach do dhaoine le droch-chomhartha taobh istigh. Bíonn go leor cúinsí ina gcúis le droch-chomhartha taobh istigh, lena n-áirítear an cineál inslithe a úsáidtear sa bhaile.
Cén chaoi a n-oibríonn siad?
Piocann aeróg sheachtrach suas na comharthaí guthán póca lasmuigh den teach agus aimplíonn sí laistigh den teach iad, rud a fhágann go mbeidh comhartha taobh istigh níos fearr ann don úsáideoir.
Ní cheadaítear ach athsheoltóirí a chomhlíonann caighdeáin ComReg agus a bhfuil comhartha caighdeán cáilíochta CE agus AE orthu.
Is féidir le gléasanna mídhleathacha nach gcomhlíonann na coinníollacha seo cur isteach ar an líonra móibíleach agus gléasanna tomhaltóra eile fiú.
Molann ComReg go láidir go ndéanfadh suiteálaí gairmiúil an tsuiteáil.
Tá tuilleadh eolais faoi athsheoltóirí agus faoi sholáthróirí sna Ceisteanna Coitianta thíos.
Ceisteanna Coitianta
Is gléas leictreonach é athsheoltóir móibíleach a úsáidtear chun clúdach taobh istigh ar sheirbhísí guthán póca amhail glaonna, téacsanna agus sonraí a fheabhsú. Tá na gléasanna seo oiriúnach do dhaoine le droch-chomhartha taobh istigh.
Tá an dearcadh ann go bhfuil meath tagtha ar an gclúdach taobh istigh d’ainneoin feabhsuithe leanúnacha na n-oibreoirí móibíleacha ar na líonraí móibíleacha. Tar éis comhairliúchán poiblíanuraidh chinn ComReg go mbeadh roinnt athsheoltóirí guthán póca díolmhaithe ó cheadúnasmar réiteach féideartha chun comhartha taobh istigh a fheabhsú.
Bíonn trí chuid ag na gléasanna seo de ghnáth; aeróg sheachtrach cosúil le haeróg theilifíse, aeróg inmheánach a chuirtear taobh istigh den teach agus an bosca athsheoltóra féin, cosúil le móideim Wi-Fi a chuirtear i dteach. Piocann an aeróg sheachtrach suas na comharthaí guthán póca lasmuigh den teach agus ansin aimplíonn sí laistigh den teach iad, rud a fhágann go mbeidh comhartha taobh istigh níos fearr ann don úsáideoir.
Chun athsheoltóir a dhíol agus a úsáid in Éirinn ní mór dó cloí leis an Treoir um Threalamh Raidió (RED) agus coinníollacha teicniúla ComReg a chomhlíonadh.
Tá na coinníollacha teicniúla seo ann chun a chinntiú nach féidir leis an ngléas a bheith ina chúis le cur isteach díobhálach raidió a chur ar Líonraí Oibreoirí Móibíleacha.
Tá sé mídhleathach gléasanna nach gcomhlíonann na coinníollacha seo a dhíol nó a oibriú in Éirinn faoin Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 go 2009.
Gabhfar seilbh ar ghléasanna mídhleathacha sa chás go bhfaightear iad agus d’fhéadfaí fíneáil Aicme A a ghearradh orthu siúd a bhfuil gléasanna mídhleathacha ina seilbh, fíneáil nach mó ná €5,000, nó fíneáil nach mó ná €250,000 ar chiontú ar díotáil.
Tá roinnt miondíoltóirí ar líne a dhíolann athsheoltóirí a chomhlíonann coinníollacha teicniúla ComReg. Is féidir liosta de na déantóirí seo a fháilanseo. Déanfaidh ComReg athbhreithniú rialta ar an liosta seo lena chinntiú go gcoimeádtar suas chun dáta é. Is féidir liosta soláthróirí agus suiteálaithe a fháilanseo.
Ba cheart go mbeadh tomhaltóirí ar an airdeall maidir le gléasanna a cheannach ó áiteanna margaidh ar líne mar go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann na gléasanna sin ceanglais ComReg agus go mbeidh siad mídhleathach dá bhrí sin iad a úsáid. Féach le do thoil do Liosta gléasanna comhlíontacha ComReg a dhéanfar a uasdátú ar bhonn leanúnach.
Chun athsheoltóirí a cheannach agus a úsáid in Éirinn ní mór dóibh coinníollacha teicniúla ComReg a chomhlíonadh. Tá sé mídhleathach gléasanna nach gcomhlíonann na coinníollacha seo a dhíol nó a úsáid agus is féidir le ComReg iad a ghabháil agus féadfaidh úsáideoirí a bheith faoi réir ionchúisimh.
Trína ghníomhaíochtaí faireachais margaidh eisíonn ComReg fógraí ‘bain anuas’ chuig áiteanna margaidh ar líne a dhíolann gléasanna neamhchomhlíontacha. Is féidir liosta de na suíomhanna gréasáin a dhíolann athsheoltóirí neamhchomhlíontacha a fháilanseo. Déanfar an liosta seo a athbhreithniú agus a uasdátú ar bhonn leanúnach.
Seiceáil ar ais go luath le haghaidh liosta samplaí de threiseoirí comhartha guthán póca neamhchomhlíontacha (neamhdhleathach).
Níl aon srianta ar cé atá in ann athsheoltóir a shuiteáil. Cuirtear aeróg sheachtrach lasmuigh den mhaoin mar chuid den tsuiteáil. D’fhéadfadh úsáid dréimirí agus uirlisí cumhachta a bheith i gceist leis seo agus eolas ar an áit ina bhfuil an stáisiún bunáite móibíleach is gaire don tsuiteáil is fearr. Is féidir iad seo a aimsiú trí úsáid a bhaint asleathanach gréasáin Siteviewer ComReg. .
Cé go bhfuil an socrú sách simplí, molann ComReg go láidir go ndéanfadh suiteálaí gairmiúil an tsuiteáil. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag ComReg faoi láthair ar a liosta soláthróirí agus suiteálaithe athsheoltóirí.
Is féidir liosta soláthróirí agus suiteálaithe a fháilanseo.
Féadfaidh praghas na n-athsheoltóirí athrú ag brath ar cé mhéad seirbhís is mian leat a chlúdach m.sh. glaonna & téacsanna amháin, sonraí amháin nó glaonna, téacsanna agus sonraí. Molann ComReg do thomhaltóirí a gcuid riachtanas a mheas sula gceannaíonn siad rud ar bith. Seiceáil le do thoil liostaí na ndéantóirí, na soláthróirí agus na suiteálaithe le haghaidh praghsála.
Ní theastaíonn ceadúnas ná clárú.
Cé go bhfógraítear go leor gléasanna mar threiseoirí nó mar athsheoltóirí guthán póca, méadaíonn an dá cheann sin comharthaí guthán póca. Mar sin féin, ní chomhlíonann ach cinn áirithe na coinníollacha teicniúla riachtanacha arna leagan síos ag ComReg. Is féidir le gléasanna mídhleathacha nach gcomhlíonann na coinníollacha seo cur isteach ar an líonra móibíleach agus gléasanna tomhaltóra eile fiú. Déanfaidh ComReg gléasanna mídhleathacha a ghabháil agus féadfar úsáideoirí a ionchúiseamh.
De ghnáth is aimplitheoirí saor iad treiseoirí nach bhfuil aon chosaint trasnaíochta líonra móibíleach ionsuite acu. Teipeann ar fhormhór na dtreiseoirí freisin buncheanglais na Treorach um Threalamh Raidió (RED) agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Trealamh Raidió) a chomhlíonadh agus mar sin níl an comhartha CE orthu.
Ar an lámh eile, comhlíonann athsheoltóirí na coinníollacha teicniúla riachtanacha agus na bunriachtanais agus mar sin tá comhartha CE orthu. Ní mór doiciméad ar a dtugtar Dearbhú Comhréireachta a bheith in éineacht leo freisin lena dheimhniú go gcomhlíonann siad RED.
Má tá aon chomhartha gutháin agat lasmuigh de do theach agus gan aon chomhartha taobh istigh, beidh an t-athsheoltóir in ann an comhartha lasmuigh a thógáil agus é a aimpliú laistigh de do theach.
Mura bhfuil comhartha lasmuigh agat d’fhéadfadh go mbeadh sé fós indéanta don athsheoltóir comhartha éigin a phiocadh suas ag baint úsáid as aeróg ardtreoch agus ardneartúcháin atá dírithe ar stáisiún bunáite. Tá srianta ar an uaschumhacht ag ar féidir le hathsheoltóirí tarchur. Sa chás seo moltar duit dul i gcomhairle le suiteálaí.
Braitheann sé ar do chuid riachtanas féin.
Glaonna: – Mura dteastaíonn uait ach glaonna a dhéanamh, is é an tAthsheoltóir aonbhanna GSM (Córas Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach) atá uait. Is féidir é seo a bheith fógartha freisin mar athsheoltóir 900 banda, toisc go n-úsáidtear an banda 900 MHz le haghaidh GSM (glaonna/téacsanna) in Éirinn.
Sonraí:- Maidir le sonraí, is é 3G (banna 2100 MHz) nó 4G (banna 800 MHz) a theastaíonn uait. Braitheann sé seo freisin ar cé acu an bhfuil 3G/4G i do cheantar nó nach bhfuil. Má tá glaonna agus sonraí uait, teastaíonn athsheoltóir ilbhanda uait.
Níl aon srianta ag ComReg ar líon na n-oibreoirí líonra is féidir le hathsheoltóir a aimpliú. Má tá na cónaitheoirí ag maoin ar fad ar líonraí éagsúla, is dócha gur fearr athsheoltóir iloibrithe. Mar sin féin má tá comhartha laistigh d’oibreoir amháin ceart go leor ach go bhfuil ceann eile lag, d’fhéadfadh sé a bheith níos áisiúla athsheoltóir a cheannach d’oibreoir amháin.
Cé go bhfuil oibreoirí ag leathnú agus ag barrfheabhsú a gcuid líonraí, bhí an dearcadh ann go bhfuil clúdach taobh istigh ag dul in olcas. Is féidir le go leor cúinsí cur le droch-chomhartha taobh istigh lena n-áirítear; suíomh, ábhair thógála, banda minicíochta, gléas láimhe móibíleach agus is féidir leis an aimsir tionchar a imirt ar chlúdach fiú. Is éard atá i gcomharthaí guthán póca ná tonnta raidió a chaithfidh taisteal ó bhunstáisiún tríd an aer, timpeall foirgnimh, crainn, sléibhte srl. sula mbaineann siad do theach amach. Caithfidh siad taisteal ansin trí na brící agus insliú i do theach agus ar ais amach arís go dtí an stáisiún bunáite. Tá staidéir déanta ag ComReg ar an tionchar a bhíonn agábhair thógálaar chomharthaí guthán póca agus fuarthas amach go mbíonn drochthionchar ag cineálacha áirithe inslithe agus fuinneoga atá tíosach ar fhuinneamh ar theacht isteach na gcomharthaí. Tá tástáil déanta ag ComReg freisin ar nagléasanna láimhe móibíleacha go léir atá ar fáil faoi láthair agus fuair sé amach go bhfuil aeróga níos fearr ag fóin áirithe chun glaonna a dhéanamh agus a fháil. D’fhéadfadh go bhfaigheadh guthán amháin comhartha laistigh de theach mar thoradh air seo agus nach bhfaigheadh guthán eile seirbhís ar bith.
Is féidir agus má tá athsheoltóir iloibrithe agat beidh an gléas in ann glaonna ar líonraí éagsúla a láimhseáil ag an am céanna.
Níl aon teorainn le líon na nguthán nó gléasanna is féidir leis an athsheoltóir a láimhseáil. Tá líon na nguthán is féidir glaoch a dhéanamh ag aon am ar leith ag brath ar an stáisiún bunáite in aice láimhe. Ní dhéanann an t-athsheoltóir ach na comharthaí gutháin agus stáisiún bunáite a aimpliú.
Ní mór don athsheoltóir bunriachtanais na Treorach um Threalamh Raidió a chomhlíonadh ionas nach mbeidh sé ina chúis le cur isteach.
Ní chuirfidh. Feidhmíonn gléasanna Wi-Fi as minicíochtaí difriúla le gutháin phóca agus mar sin ní féidir leis an athsheoltóir cur isteach ar do líonra Wi-Fi sa bhaile.
Ní chuirfidh. Feidhmíonn Teilifís Dhigiteach agus Teilifís Satailíte as comharthaí raidió atá éagsúil leis na cinn a úsáideann gutháin phóca.
Ní chuirfidh. Feidhmíonn ceamaraí, cloigíní dorais, geataí srl. gan sreang as minicíochtaí raidió atá éagsúil leis na cinn a úsáideann gutháin phóca agus stáisiúin bhunáite.
Féach ar a thuilleadh faisnéise ar Athsheoltóirí Guthán Póca i bhFreagairt ComReg ar Chomhairliúchán agus Cinneadh.