Tá sé mar aidhm ag Cúram Tomhaltóirí an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi fhadhbanna cumarsáide agus gearáin a dhéantar le do sholáthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí (“ECS” – leathanbhanda, teileafón baile, agus guthán), poist, agus ardráta (“PRS”) a chur ar aghaidh.
Chun gearán foirmiúil a chur isteach lenár bhFoireann Cúram Tomhaltóirí, ní mór duit tabhairt faoi na céimeanna seo a leanas ar dtús:
1) Gearán foirmiúil a dhéanamh le do sholáthraí seirbhíse (ECS/PRS)
Ní mór duit, ar an gcéad dul síos, do ghearán a dhéanamh go foirmiúil agus uimhir thagartha gearáin a fháil ó do sholáthraí seirbhíse.
Tugtar 10 lá oibre chuig soláthraithe seirbhíse do ghearán a réiteach.
Más rud é go ndearna tú iarracht arís agus arís eile teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí seirbhíse chun gearán a dhéanamh go foirmiúil gan aon rath, d’fhéadfadh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide idirghabháil a dhéanamh go díreach leis an soláthraí seirbhíse ar do shon.
2) Fan 10 lá oibre go dtí go bhfuil réiteach tagtha ar do ghearán
Más rud é nach bhfuil réiteach tagtha ar do ghearán fós i ndiaidh 10 lá oibre, is féidir leat cúnamh a iarraidh ón gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide maidir leis an ngearán a réiteach.
Déan teagmháil lenár bhfoireann Cúram Tomhaltóirí nuair atá 10 lá oibre imithe.
Ní mór gearáin a dhéanamh leis an soláthraí ar dtús de réir a chód cleachtais maidir le gearáin a láimhseáil laistigh de 12 mhí anuas.
Déanfaidh foireann Cúram Tomhaltóirí an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide an méid seo a leanas chun cabhrú:
Cliceáil anseo chun teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Cúram Tomhaltóirí agus gearán foirmiúil a dhéanamh.
Don phróiséas seo, téigh chuig an leathanach seo.
Error: Contact form not found.
Error: Contact form not found.