Cad is féidir liom a dhéanamh faoi phost gan iarraidh?
Ní rialaíonn ComReg post gan iarraidh, ach b’fhéidir gur mhaith leat na céimeanna seo a leanas a mheas chun cabhrú le stop a chur le post gan iarraidh:
- Cuir greamán ar do bhosca litreach a deir nach dteastaíonn uait go seachadfaí post gan seoladh (nó ‘dramhphost‘) chugat. Mar shampla, scríobh ‘no unaddressed mail please’. Ní gá go mbeadh úsáid sonraí pearsanta i gceist le post gan seoladh a chuirtear isteach i do bhosca litreach nó sa phost a sheoltar chuig “an t-áititheoir“, “an cónaitheoir” nó “an sealbhóir tí” agus dá bhrí sin níl feidhm ag an reachtaíocht um chosaint sonraí.
- Chun post a fhaightear trí do bhosca litreach a mheas mar mhargaíocht dhíreach, ní mór é a sheoladh chuig duine ainmnithe agus ní mór táirge nó seirbhís a chur chun cinn. Mura bhfuil tú ag iarraidh margaíocht dhíreach a fháil, tá sé de cheart agat a chur in iúl don seoltóir go bhfuil tú i gcoinne ábhar den sórt sin a fháil. Tá sé in aghaidh an dlí d’eagraíocht gan meas a léiriú ar iarratas i scríbhinn uait. Má leanann tú ort ag fáil margaíochta tar éis duit agóid a dhéanamh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí nó athbhreithniú a dhéanamh ar a mblag ‘Cad is gá duit a bheith ar an eolas faoi maidir le margaíocht dhíreach‘.