Do Ghuthán Póca a úsáid taobh amuigh den AE

Féadfaidh sé a bheith i bhfad níos costasaí do ghuthán a úsáid lasmuigh den AE. Mar sin féin, tá bealaí ann inar féidir leat na costais a íoslaghdú agus tú thar lear.  

Tá sé tábhachtach a thuiscint go mbíonn costais fánaíochta difriúil ó thír go tír. Sula dtéann tú ag taisteal, seiceáil na costais fánaíochta don tír a mbeidh tú ar cuairt chuici le do sholáthróir móibíleach.   

Tá na táillí fánaíochta lasmuigh den AE i bhfad níos airde ná na cinn san AE. Féadfaidh sé seo a bheith os cionn €5 in aghaidh an mheigighiotáin. D’fhéadfadh costas níos mó ná €300 a bheith ar uair an chloig de bhrabhsáil ar an idirlíon (thart ar 60 meigighiotán).  

Is féidir leat a fhiafraí freisin cén líonra móibíleach thar lear a thabharfaidh na rátaí fánaíochta is saoire duit i ngach tír ar a dtugann tú cuairt – D’fhéadfadh láithreacht thar lear a bheith ag do líonra (Vodafone mar shampla). Is féidir leat an ceann seo a roghnú de láimh nuair a thugann do ghuthán liosta duit de na líonraí atá ar fáil.  

Má tá socrú roghnúcháin líonra uathoibríoch ar siúl ar do ghuthán, roghnóidh do ghuthán líonra áitiúil go huathoibríoch chun nascadh leis nuair a bheidh sé ar fáil. Is féidir an socrú seo a mhúchadh ionas gur féidir leat a roghnú cé acu an dteastaíonn uait ceangal le líonra áitiúil agus cén ceann ar mhaith leat nascadh leis.   

Cén chaoi ar féidir liom mo chostais fánaíochta a bhainistiú?  

Tairgeann roinnt soláthróirí guthán póca pacáistí fánaíochta neamh-AE a ghearrtar mar ráta laethúil de ghnáth. Soláthraíonn siad liúntas socraithe le haghaidh glaonna, téacsanna agus seirbhísí sonraí. Déan teagmháil le do sholáthróir guthán póca chun na roghanna fánaíochta is fearr atá ar fáil a phlé.  

Má tá imní ort faoi tháillí fánaíochta sonraí, féadfaidh tú fánaíocht sonraí a mhúchadh sula dtaistealaíonn tú. Má dhéanann tú seo, ní bheidh tú in ann glaonna a dhéanamh, téacsanna a sheoladh, ná ceangal leis an idirlíon (mura bhfuil Wi-Fi in úsáid agat). Níor cheart go ngearrfaí aon chostais ná táillí breise ort agus fánaíocht sonraí múchta agat.  

Molaimid go mór é seo a dhéanamh sula sroicheann tú do cheann scríbe chun a chinntiú nach gcuirfidh tú le do chuid costas. 

Mar mhalairt air sin, b’fhéidir go smaoineofá ar chárta SIM guthán áitiúil a cheannach agus a úsáid nuair a shroicheann tú do cheann scríbe. Chun seo a dhéanamh ní mór do do ghuthán a bheith díghlasáilte. 

Nuair a chuireann tú an cárta áitiúil seo sa ghuthán in ionad do chárta SIM a úsáideann tú sa bhaile, ciallaíonn sé go bhfuil tú ag íoc rátaí áitiúla seachas rátaí fánaíochta.  

Céard iad na rabhaidh a gheobhaidh mé agus mé ag fánaíocht lasmuigh den AE?  

Má thaistealaíonn tú lasmuigh den AE (chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) ba cheart go bhfaighfeá ‘rabhadh úsáide sonraí’. Mar sin féin, uaireanta ní féidir le do sholáthróir guthán póca baile an rabhadh seo a sheoladh chuig an tír ina bhfuil tú ar cuairt. Sa chás seo, ba cheart go bhfaighfeá fógra ag cur in iúl duit nach féidir an rabhadh úsáide sonraí a sheoladh agus tú ag fánaíocht sa tír sin. Ba chóir duit a bheith cúramach faoin gcaoi a n-úsáideann tú do ghuthán mar is tusa a bheidh freagrach as an mbille ar deireadh.  

Mura bhfuil do theorainn fánaíochta sonraí bainte nó athraithe agat, nuair is féidir le do sholáthraí guthán póca rabhadh a sheoladh chugat, féadfaidh tú a bheith ag súil le trí fhógra a fháil:  

Fógra 1 Teachtaireacht á rá leat gur chaith tú €49.20 – 80% de €61.50 (CBL san áireamh)
Fógra 2 Teachtaireacht á rá leat gur chaith tú €61.50 (CBL san áireamh). 
Fógra 3 Teachtaireacht á rá leat gur chaith tú €123.00 (CBL san áireamh). 

Nuair a bheidh an rabhadh faighte agat ag 100% de do theorainn fánaíochta sonraí, atá réamhshocraithe ag €61.50 (CBL san áireamh), ní mór duit roghnú chun leanúint ar aghaidh ag úsáid seirbhísí sonraí. 

Nuair a bheidh an rabhadh faighte agat ag 100% de do theorainn fánaíochta sonraí, atá réamhsocraithe ag €61.50 (CBL san áireamh), ní mór duit roghnú chun leanúint ar aghaidh ag úsáid seirbhísí sonraí.  

Mar an gcéanna, tá an dara rabhadh  a tharlaíonn nuair a bhaineann tú teorainn €123 (CBL san áireamh) amach.   

Rabhadh  

Ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh moill ama a bheith ann sula bhfaighidh tú an rabhadh úsáide sonraí. Mar sin, b’fhéidir gur chaith tú €61.50 cheana féin sula bhfuair tú an chéad rabhadh. Ní chaithfidh do sholáthraí guthán póca leanúint ar aghaidh ag tabhairt rabhadh duit faoin méid atá á chaitheamh agat.  

Tabhair faoi deara freisin go mbaineann na rabhaidh seo le húsáid sonraí amháin agus ní áirítear leo aon úsáid fánaíochta eile amhail glaonna nó teachtaireachtaí téacs.