The letter iAbout Comreg IconAbout PRS IconAbout PRSAuthorise Postal ProvidersAuthorise Postal Providers IconBase Station Location IconRadio Tower broadcasting wavesBilling Option IconShow more billing options for this planView this sectionA rightward arrowCode of Practice IconCode of PracticeA weighing scalesCompare Services IconCompetition Law Enforcement IconCompetition Law EnforcementPerson holding their hand up with a question markComplaints and Queries IconCompliance Enforcement IconCompliance EnforcementComreg Investigations IconComreg InvestigationsGroup of peopleConsumer Services IconComReg ConsumerTwo people speaking with a speech bubbles Government building with flagCorporate Governance Icon Coverage Map of IrelandCoverage MapPerson wearing a headsetCustomer Service IconArrow pointing downDownloadE-licencingE-licencing IconErrorA red sign with a white exclamation markFacebookThe Facebook LogoTwo Speech bubblesFeedback IconSquiggly line Iconfive_eight_gz IconOpen PadlockFreedom Act IconFrequency Allocations IconFrequency AllocationsStampGeneral Authorisation IconLandline PhoneHome Phone IconIndustry Forms IconIndustry FormsComReg IndustryA tall buildingInternational IconInternationalLaptop computerInternet IconJargon Buster IconJargon BusterGavel hammer used in courtLegislation IconLicense Exceptions IconLicense ExceptionsLicensing IconRolled Certificate with RibbonLiecense Ammendments Permissions IconLiecense Ammendments PermissionsLinkedinThe LinkedIn Logo - this link will open in a new windowMarket Analysis IconMarket AnalysisMarket Information IconMarket InformationMegaphoneMobile PhoneMobile Phone Iconnav-home-iconnav-home-icon-bluenav-home-icon-greenA folded newspaperIndustry News IconA folded newspaperNews and Press IconNounSubmit a consumer query or complaintPhone BookNumbering Naming Addressing IconShow other information about planOther Information IconShow payment options for this planPayment Options IconPDF logoPDF fileLocation DevicePersonal Locator Beacon IconEnvelopePostal IconPostBoxPostal Authorisation IconEuro symbolPremium Rate IconTest Trail One IconTest Trail OnePrice Control Accounting IconPrice COntrol AccountingProductsProducts IconPRS Number IconPRS NumberBlank PagePublications IconRadio SpectrumRadio Spectrum IconRadio Tower broadcasting wavesIndustry Radio Spectrum IconRegulation Of An Post IconList with a tick markSignal wavesRSS FeedSpectrum Awards IconSpectrum AwardsSpectrum Compliance IconSpectrum ComplianceJigsaw pieceStrategy IconTips Advice IconTips AdviceShapeTwitterThe Twitter Logo - this link will open in a new windowec-networkec-networkEC SignalEC Signalec-checklistec-checklistec-deviceec-deviceec-peopleec-peopleec-speechec-speechXThe X Logo - this link will open in a new window
Home / Comhairle & Eolas / Fánaíocht

Fánaíocht

This page contains:

  • Céard is fánaíocht ann?  

  • Céard is fánaíocht sonraí ann?  

  • Cén costas atá ar fhánaíocht?  

  • Fánaíocht san AE

  • Fánaíocht taobh amuigh den AE. 

  • Fánaíocht Neamhbheartaithe  

  • Seirbhísí ar bháid farantóireachta nó ar eitleáin  

  • An féidir liom an fhánaíocht sonraí a chasadh dó?  

  • Cén chaoi ar féidir liom táillí fánaíochta sonraí gan choinne a sheachaint?

  • Leideanna chun táillí fánaíochta sonraí gan choinne a sheachaint  

  • Cé mhéad sonraí a d’fhéadfainn a úsáid?  

  • Cén chaoi a ndéanaim teagmháil leis na seirbhísí éigeandála agus mé thar lear?  

Céard is fánaíocht ann?  

Is éard a chiallaíonn fánaíocht ná do ghuthán póca a úsáid agus tú i dtír eile. D’fhéadfá a bheith ar saoire, ar thuas oibre, nó ag taisteal, mar shampla.   

Agus tú ag fánaíocht ní bheidh tú in ann nascadh le do sholáthraí líonra féin, ina ionad sin, nascfaidh tú le soláthróir líonra áitiúil. Ligeann sé seo duit leanúint ar aghaidh ag déanamh glaonna agus téacsanna mar is gnách.  

Nuair a shroicheann tú do thír roghnaithe agus nuair a nascann tú le líonra áitiúil ba cheart go bhfaighfeá teachtaireacht ag cur in iúl duit faoi aon teorainneacha nó táillí a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Le linn do thurais, b’fhéidir go bhfaighidh tú rabhaidh chaiteachais trí theachtaireachtaí téacs má shroicheann tú tairseach caiteachais áirithe.

Céard is fánaíocht sonraí ann?  

Tagraíonn fánaíocht sonraí do shonraí móibíleacha a úsáid agus tú thar lear – ciallaíonn sé seo nascadh leis an idirlíon agus úsáid a bhaint as seirbhísí gréasáin amhail brabhsálaithe, feidhmchláir, ríomhphoist, srl.   

Mar an gcéanna le glaonna agus téacsanna, nascfaidh tú le líonra áitiúil agus beidh tú in ann a gclúdach móibíleach a úsáid chun nascadh leis an idirlíon.   

Féadfaidh soláthróirí guthán póca teorainn ‘úsáid chóir’ a ghearradh ar an méid sonraí is féidir leat a úsáid agus tú thar lear (tuilleadh faoi sin thíos). Ciallaíonn sé seo, cé go bhféadfadh go bhfaighidh tú sonraí gan teorainn in Éirinn, go bhféadfadh srian (nó teorainn) a bheith i gceist agus tú ag taisteal. 

Cén costas atá ar fhánaíocht?  

Braitheann sé seo ar an áit ina bhfuil tú. Ó 2017 i leith tá saoránaigh an AE in ann glaonna a dhéanamh, téacsanna a sheoladh agus úsáid a bhaint as seirbhísí idirlín (laistigh den Aontas Eorpach (AE) agus san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin) gan aon chostas breise.

Nuair a bhíonn tú ag taisteal lasmuigh den AE, áfach, d’fhéadfadh sé a bheith níos costasaí ná mar a bhíonn de ghnáth chun do ghuthán póca a úsáid de bharr costais bhreise.  

Fánaíocht san AE

Is é ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an mbeartas fánaíochta a ghlac an AE in 2017. Go bunúsach, ciallaíonn sé seo, is cuma cén áit laistigh den AE (chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) a bhfuil tú ag taisteal, gearrfar na costais chéanna agus a ghearrfaí sa bhaile. 

Mar shampla, má bhíonn glaonna agus téacsanna gan teorainn agat sa bhaile in Éirinn, beidh glaonna agus téacsanna gan teorainn agat agus tú ag taisteal sa Fhrainc.  

Má bhíonn sonraí gan teorainn agat in Éirinn, is féidir go gcuirfear teorainn 27GB de shonraí ort agus tú ag taisteal tríd an nGearmáin. Tugtar ‘úsáid chóir’ ar an teorainn seo. Má tá teorainn dá leithéid i do phlean, beidh ar do sholáthraí tú a chur ar an eolas roimh ré faoin teorainn seo.

Léigh tuilleadh anseo le haghaidh miondealú iomlán ar úsáid do ghutháin san AE 

Fánaíocht taobh amuigh den AE. 

Beidh táillí breise i bhfeidhm orthu siúd a bheidh ag taisteal lasmuigh den AE. Athróidh táillí ag brath ar an réigiún nó ar an tír a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt uirthi, ar do phlean móibíleach agus ar do sholáthraí. Is féidir le táillí a ghearrtar lasmuigh den AE a bheith suntasach, fiú le beagán úsáide.  

Molaimid duit sonraí ar tháillí fánaíochta a chuardach roimh thaisteal chun a chinntiú nach ngearrfar aon chostais gan choinne ort.   

Tar éis na Breatimeachta, ní bhaineann Fánaíocht ar Tháillí Baile le taisteal laistigh den Ríocht Aontaithe a thuilleadh. Rinne roinnt soláthróirí móibíleacha cinneadh ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ a leathnú go dtí an Ríocht Aontaithe, ach níl aon dualgas orthu, agus ba cheart duit seiceáil i gcónaí sula dtaistealaíonn tú.

Molaimid duit seiceáil le do sholáthraí seirbhíse má tá sé beartaithe agat taisteal go dtí aon tír lasmuigh den AE agus má tá tuilleadh eolais uait faoi chostais fhánaíochta fhéideartha.  

Léígh tuilleadh anseo le haghaidh miondealú iomlán ar úsáid do ghutháin lasmuigh den AE

Fánaíocht Neamhbheartaithe  

Is éard is fánaíocht neamhbheartaithe ann ná nuair a nascann do ghuthán le líonra móibíleach atá bunaithe i dtír eile seachas an tír ina bhfuil tú lonnaithe. Féadfaidh sé seo tarlú gan tú a bheith ar an eolas ag an am.   

Tá roinnt limistéar san AE inar féidir leat fánaíocht a dhéanamh ar líonra móibíleach neamh-AE nach bhfuil faoi na rátaí ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’. Má tá tú ag taisteal i limistéir theorann, d’fhéadfadh go mbeifeá nascfá le líonra ó thír neamh-AE agus táillí fánaíochta a tharraingt ort féin trí thimpiste.  

Mar shampla, i dTuaisceart Éireann d’fhéadfadh go mbeifeá faoi réir táillí fánaíochta trasteorann. Braitheann sé seo ar pholasaí do líonra baile. Sampla eile ná go bhféadfá nascadh le líonra móibíleach sa Tuirc go huathoibríoch agus tú ar Oileáin na Gréige.   

Chun é seo a stopadh, is féidir leat an socrú roghnúcháin líonra uathoibríoch a dhíchumasú ar do ghuthán póca ionas nach nascfaidh tú ach leis an líonra móibíleach a roghnaíonn tú.  

Seirbhísí ar bháid farantóireachta nó ar eitleáin  

Nuair nach mbíonn clúdach móibíleach ar bith ar bhád farantóireachta nó nuair a bhíonn cosc ort do ghuthán póca a úsáid ar eitleán b’fhéidir go mbeidh tú in ann leas a bhaint as seirbhísí eile ó do ghuthán póca. Sa chás seo ní hionann iad agus seirbhísí fánaíochta agus bíonn na praghsanna difriúil. Ní thagann líonraí neamhthíre (mar shampla, satailít) a chuirtear ar fáil ar roinnt bád agus eitleán faoi scáth ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh formhuirir arda acu. Mar chuid de na rialacha fánaíochta, cuirfear ar an eolas thú le fógra faoi tháillí breise as na seirbhísí seo a úsáid.

An féidir liom an fhánaíocht sonraí a chasadh dó?  

Tabharfaidh formhór na nguthán póca an rogha anois duit fánaíocht sonraí a mhúchadh. Is féidir é seo a dhéanamh de ghnáth le socruithe gutháin agus ciallaíonn sé nach mbeidh tú in ann glaonna a dhéanamh, téacsanna a sheoladh, ná ceangal leis an idirlíon (mura bhfuil Wi-Fi in úsáid agat). Níor cheart go ngearrfaí aon chostais ná táillí breise ort agus fánaíocht sonraí múchta agat.

Cén chaoi ar féidir liom táillí fánaíochta sonraí gan choinne a sheachaint?

Is é an bealach is fearr chun aon táillí fánaíochta sonraí gan choinne nó nach dteastaíonn a sheachaint ná tuiscint a fháil ar a bhfuil clúdaithe i do phlean móibíleach reatha. Is é an bealach is fearr chun é seo a dhéanamh ná dul i gcomhairle le d’oibreoir guthán póca sula dtéann tú ag taisteal.   

Agus tú ag taisteal ní mór duit tuiscint a bheith agat ar na nithe seo:  

  • aon táillí fánaíochta  
  • táillí a ghearrtar nó, nuair a shroichtear teorainn fánaíochta sonraí €61.50 (CBL san áireamh).   
  • Spreagfaidh an dara teorainn de €123 (CBL san áireamh) fógra freisin  
  • cén chaoi le fánaíocht neamhbheartaithe a sheachaint go héifeachtach  
  • athruithe conarthacha maidir le fánaíocht 

Leideanna chun táillí fánaíochta sonraí gan choinne a sheachaint  

  • Múch fánaíocht sonraí – Cinnteoidh sé seo nach féidir leat rochtain a fháil ar sheirbhísí sonraí ach amháin nuair atá tú nasctha le Wi-Fi.  
  • Díchumasaigh an socrú roghnúcháin líonra uathoibríoch ar do ghuthán póca. Ciallaíonn sé seo nach nascfaidh tú le líonra áitiúil go huathoibríoch. Is féidir leat a roghnú ansin chun nascadh agus cén líonra lena nascfaidh tú.   
  • Cuir srian le húsáid sonraí cúlra – Úsáideann feidhmchláir gutháin chliste sonraí sa chúlra fiú nuair nach mbíonn siad oscailte. Is féidir leat uasdátuithe uathoibríocha feidhmchlár a mhúchadh i socruithe do ghléis láimhe.  
  • Rianaigh d’úsáid sonraí – Laistigh de shocruithe do ghutháin seans go mbeidh tú in ann úsáid sonraí a fheiceáil thar thréimhse ar leith. Agus tú thar lear coinnigh súil ar an uimhir seo chun a chinntiú go bhfanann tú laistigh de theorainneacha.   
  • Léigh fógraí faisnéise – Tabhair aird ar na teachtaireachtaí a fhaigheann tú ó do sholáthraí agus léigh iad. Ná déan neamhaird ar an eolas sna fógraí seo!  
  • Seachain feidhmchláir/seirbhísí áirithe a úsáid – Seachain feidhmchláir sruthaithe cosúil le ceol nó scannáin agus seachain úsáid a bhaint as léarscáileanna móibíleacha le haghaidh treoracha mar d’fhéadfadh billí an-mhóra a bheith i gceist leo.  
  • Déan teagmháil le do sholáthraí láithreach má chailltear nó má ghoidtear do ghuthán – Déan teagmháil láithreach le do sholáthraí guthán póca le d’uimhir IMEI (Aitheantóir Idirnáisiúnta Guthán Póca) má chailltear nó má ghoidtear do ghuthán. Is féidir le gadaithe billí ollmhóra a tharraingt ort go tapa agus d’fhéadfá a bheith freagrach astu mura ndéanann tú beart go tapa. 

Cé mhéad sonraí a d’fhéadfainn a úsáid?  

Seo tábla a dhéanann meastachán ar an méid sonraí a ghlacfaidh sé le haghaidh gníomhaíochtaí coitianta idirlín. 

Ríomhphost amháin a sheoladh 20KB – 100KB 
Uasdátú amháin ar na meáin shóisialta (le grianghraf) 350KB – 2MB 
Uair an chloig amháin de bhrabhsáil ar líne 10MB – 100MB 
Uair an chloig amháin de shruthú ceoil 28MB 
Feidhmchlár amháin a íoslódáil 40MB – 400MB 
Uair an chloig amháin de shruthú físeáin ar chaighdeán bunúsach 300MB  
Sruthú 1 uair an chloig d’fhíseán ultra-ardghléine 7GB  

*Is ionann 1 chilibheart (KB) agus 1,000 beart, is ionann 1 mheigibheart (MB) agus 1,000 cilibheart (KB), is ionann 1 ghigibheart (GB) agus 1,000 meigibheart (MB). 

Cén chaoi a ndéanaim teagmháil leis na seirbhísí éigeandála agus mé thar lear?  

Agus tú thar lear, ba cheart go bhfaighfeá teachtaireacht go huathoibríoch chun uimhir na seirbhísí éigeandála áitiúla a chur i gcuimhne duit agus modhanna eile chun teacht ar na seirbhísí éigeandála, mar shampla trí théacs nó feidhmchláir fíor-ama. 112 san AE agus 911 in SAM agus i gCeanada. Tá na seirbhísí seo saor in aisce.  

 

An raibh an leathanach seo úsáideach?

Error: Contact form not found.

Error: Contact form not found.