Arduithe Praghais Bliantúla

Arduithe praghais bliantúla do sheirbhísí fóin agus leathanbhanda 

I bhformhór na soláthróirí móra seirbhíse, ach ní hiad go léir, bíonn ardú praghais san áireamh tar éis do chustaiméir dul isteach i gconradh nua. Is féidir na harduithe praghais seo a ríomh bunaithe ar bhoilsciú (ag baint úsáide as an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí (CPI), ar chéatadán seasta nó ar an dá rud.  De ghnáth, tarlaíonn na harduithe praghais seo go huathoibríoch i mí Aibreáin gach bliain. Ní shocraíonn ná ní cheadaíonn ComReg praghsanna miondíola. 

Molann muid téarmaí agus coinníollacha do chonartha a sheiceáil, nó teagmháil a dhéanamh le do sholáthróir seirbhíse, chun a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas faoi aon arduithe praghais a d’fhéadfadh a bheith san áireamh i do chonradh.  

Má tá tú ag iarraidh do chonradh a athrú nó conradh nua a dhéanamh, bí ar an eolas nach bhfuil arduithe praghais conartha curtha i bhfeidhm ag roinnt soláthróirí seirbhíse, agus mar sin is féidir leat an margadh is fearr a chuardach. 

Is é an t-am is fearr chun margadh níos saoire a chuardach ná: 

  • má tá tú ag teacht go dtí deireadh d’íostéarma conartha. 
  • mura bhfuil tú taobh istigh d’íostéarma do chonartha níos mó. 

Má tá ardú praghais san áireamh i do chonradh, de ghnáth ní féidir leat do chonradh a athrú nó deireadh a chur leis gan phionós, ach amháin má tá tú taobh amuigh de d’íostéarma. 

Mar sin féin, mura bhfuil ardú praghais san áireamh i do chonradh nó má tá tú taobh amuigh de d’íostéarma, is féidir leat athrú gan phionós má thagann ardú ar an bpraghas. 

Mura bhfuil ardú praghais san áireamh i do chonradh, ní mór do do sholáthróir seirbhíse tú a chur ar an eolas faoi aon athruithe ar do chonradh. Ní mór dóibh é seo a dhéanamh trí fhógra míosa ar a laghad a thabhairt duit faoin athrú agus ní mór dóibh tú a chur ar an eolas, más cuí, faoin gceart atá agat deireadh a chur le do chonradh gan phionós. 

Clúdaítear sa chonradh an plean praghsanna agus téarmaí agus coinníollacha eile.  

Roinnt leideanna  

  • Féach ar na soláthróirí seirbhíse a bhfuil ardú praghais san áireamh acu, agus orthu siúd nach bhfuil. 
  • Tarlaíonn arduithe praghais conartha i mí Aibreáin de ghnáth, agus mar sin smaoinigh ar an am den bhliain a dhéanann tú conradh nua le méadú praghais san áireamh. 
  • Smaoinigh ar chonradh íostéarma níos giorra, amhail 12 mhí nó conradh gan aon téarma íosta. 
  • Smaoinigh ar phlean SIM amháin – is minic a bhíonn costais síntiúis níos ísle acu seo a d’fhéadfadh tionchar airgeadais aon arduithe praghais a bhaineann le CPI a laghdú. 

Seo sampla den chostas breise a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar ardú praghais bliantúil a bhaineann le CPI:

Is sampla é seo de chonradh 24 mí le hardú praghais bliantúil CPI+ san áireamh sa chonradh.

I mí an Mhárta i mbliain 1, cuireann custaiméir a (h)ainm le seirbhís a chosnaíonn €62.17 in aghaidh na míosa, lena n-áirítear ardú praghais bliantúil CPI +3%. An bhliain sin, fógraítear an praghasinnéacs tomhaltóirí mar mhéadú 8.2%. Dá bhrí sin, ardófar bille míosúil an chustaiméara go dtí €69.13, méadú 11.2% ó mhí Aibreáin, sin 8.2% móide 3%. An bhliain dár gcionn, fógraítear an praghasinnéacs tomhaltóirí mar mhéadú 3.9%. Dá bhrí sin, ardófar bille míosúil an chustaiméara go dtí €74.38, méadú 6.9% ó mhí Aibreáin i mbliain 2, sin 3.9% móide 3%. Le linn chonradh 24 mí d’íocfadh an custaiméir €217.83 sa bhreis.

 

Tá tuilleadh eolais maidir le hathrú agus le conarthaí againn chun cuidiú leat.