The letter iAbout Comreg IconAbout PRS IconAbout PRSAuthorise Postal ProvidersAuthorise Postal Providers IconBase Station Location IconRadio Tower broadcasting wavesBilling Option IconShow more billing options for this planView this sectionA rightward arrowCode of Practice IconCode of PracticeA weighing scalesCompare Services IconCompetition Law Enforcement IconCompetition Law EnforcementPerson holding their hand up with a question markComplaints and Queries IconCompliance Enforcement IconCompliance EnforcementComreg Investigations IconComreg InvestigationsGroup of peopleConsumer Services IconComReg ConsumerTwo people speaking with a speech bubbles Government building with flagCorporate Governance Icon Coverage Map of IrelandCoverage MapPerson wearing a headsetCustomer Service IconArrow pointing downDownloadE-licencingE-licencing IconErrorA red sign with a white exclamation markFacebookThe Facebook LogoTwo Speech bubblesFeedback IconSquiggly line Iconfive_eight_gz IconOpen PadlockFreedom Act IconFrequency Allocations IconFrequency AllocationsStampGeneral Authorisation IconLandline PhoneHome Phone IconIndustry Forms IconIndustry FormsComReg IndustryA tall buildingInternational IconInternationalLaptop computerInternet IconJargon Buster IconJargon BusterGavel hammer used in courtLegislation IconLicense Exceptions IconLicense ExceptionsLicensing IconRolled Certificate with RibbonLiecense Ammendments Permissions IconLiecense Ammendments PermissionsLinkedinThe LinkedIn Logo - this link will open in a new windowMarket Analysis IconMarket AnalysisMarket Information IconMarket InformationMegaphoneMobile PhoneMobile Phone Iconnav-home-iconnav-home-icon-bluenav-home-icon-greenA folded newspaperIndustry News IconA folded newspaperNews and Press IconNounSubmit a consumer query or complaintPhone BookNumbering Naming Addressing IconShow other information about planOther Information IconShow payment options for this planPayment Options IconPDF logoPDF fileLocation DevicePersonal Locator Beacon IconEnvelopePostal IconPostBoxPostal Authorisation IconEuro symbolPremium Rate IconTest Trail One IconTest Trail OnePrice Control Accounting IconPrice COntrol AccountingProductsProducts IconPRS Number IconPRS NumberBlank PagePublications IconRadio SpectrumRadio Spectrum IconRadio Tower broadcasting wavesIndustry Radio Spectrum IconRegulation Of An Post IconList with a tick markSignal wavesRSS FeedSpectrum Awards IconSpectrum AwardsSpectrum Compliance IconSpectrum ComplianceJigsaw pieceStrategy IconTips Advice IconTips AdviceShapeTwitterThe Twitter Logo - this link will open in a new windowec-networkec-networkEC SignalEC Signalec-checklistec-checklistec-deviceec-deviceec-peopleec-peopleec-speechec-speechXThe X Logo - this link will open in a new window
Home / Comhairle & Eolas / Billeáil agus Muirir Faoi Dhíospóid

Billeáil agus Muirir Faoi Dhíospóid

Áirítear sa leathanach seo:

  • Réamhrá 

  • Cad iad na bealaí ar féidir liom bille a fháil ó mo sholáthraí seirbhíse? 

  • Conas a bheidh a fhios agam cathain a bheidh mo bhille ar fáil ar líne? 

  • An féidir liom iarratas a dhéanamh bille páipéir a fháil? 

  • Cad iad na príomhrialacha eile maidir le billeáil? 

  • Cén fáth go bhfuil mo chéad bhille níos airde mar a bhíothas ag súil leis? 

  • Cad is táille cealaithe ann agus cén fáth a bhfuil le feiceáil ar mo bhille? 

  • Cad is táille cealaithe ann agus cén fáth a bhfuil le feiceáil ar mo bhille? 

  • Cad iad na táillí lasmuigh den chuach? 

  • Cad is féidir liom a dhéanamh fhaighim bille mícheart? 

  • Conas is féidir liom a margadh maith á fháil agam do mo sheirbhís? 

  • bhfaighidh tuilleadh eolais? 

Réamhrá 

Bíonn sraith rialacha caighdeánacha i bhfeidhm nuair a chuirtear bille ort le haghaidh do sheirbhís teileafón póca, teileafón baile nó leathanbhanda, is cuma más custaiméir thú a dhéanann réamhíocaíocht nó custaiméir a íocann bille thú. Tá bearta déanta ag ComReg chun a chinntiú go bhfuil cearta tomhaltóirí maidir le billeáil i bhfeidhm agus ráthaithe amach anseo. 

Sa chuid seo, déanaimid iniúchadh ar na cearta seo agus tugaimid comhairle maidir le billeáil agus muirir faoi dhíospóid. 

Féachaimid freisin ar na costais gan choinne a d’fhéadfadh a bheith ar do bhille uaireanta agus ar na cúiseanna gur féidir leis seo tarlú. 

Cad iad na bealaí ar féidir liom bille a fháil ó mo sholáthraí seirbhíse? 

Is fada ó d’athraigh soláthraithe seirbhíse ó bhillí páipéir a sheoladh sa phost.  Soláthraíonn billeáil leictreonach, nó ríomhbhilleáil, bealach chun do bhille a fheiceáil ar líne trí shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhíse nó trí Aip an tsoláthraí seirbhíse a íoslódáil. Is féidir le ríomhbhilleáil bille atá á sholáthar duit trí ríomhphost a bheith i gceist leis seo freisin. 

D’fhéadfadh suíomh gréasáin nó Aip an tsoláthraí seirbhíse (tairseacha ar líne) bealaí níos áisiúla a chur ar fáil chun íocaíocht a dhéanamh, chun ligean duit d’fhaisnéis chuntais a nuashonrú, chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid i bhfíor-am agus chun caiteachas a rialú nó a theorannú. 

Conas a bheidh a fhios agam cathain a bheidh mo bhille ar fáil ar líne? 

Má fhaigheann tú bille ar líne de ghnáth, ní mór don soláthraí seirbhíse tú a chur ar an eolas nuair atá sé ar fáil le hamharc air trí fholáireamh amhail teachtaireacht téacs SMS a sheoladh chugat. 

Ba chóir na foláirimh seo, go háirithe má sheolann SMS iad, a sheoladh le linn uaireanta cuí nó gnáthuaireanta oivbre.  Mura bhfuil tú ag iarraidh na foláirimh seo a fháil, ba chóir go mbeadh an rogha agat díliostáil. Ní mór foláirimh bhille a sheoladh ar leithligh chuig aon teachtaireachtaí margaíochta dírí freisin. 

An féidir liom iarratas a dhéanamh bille páipéir a fháil? 

Sea, tá roinnt cúinsí ann ina mbeifeá in ann bille páipéir a fháil. 

Mar shampla, mura bhfuil teacht agat ar leathanbhanda agat nó mura féidir leat seirbhís ar líne a úsáid, ní mór do do sholáthraí seirbhíse bille páipéir a eisiúint duit.  Ní mór dóibh é seo a dhéanamh saor in aisce freisin. 

Féadfaidh soláthraithe seirbhíse meán billeála malartach (go páipéar) a chur ar fáil duit más féidir leo a chur in iúl gur féidir leat teacht ar an rogha eile í a úsáid. 

Cad iad na príomhrialacha eile maidir le billeáil? 

Seo a leanas cuid de na rialacha ar chóir duit a bheith ar an eolas fúthu: 

  • Ba chóir billí a chur ar fáil do chustaiméirí a íocann bille saor in aisce 
  • Má tá sé ar intinn ag do sholáthraí seirbhíse tú a athrú chuig meán billeála nach páipéar é, lena n-áirítear ríomhbhille, ní mór dóibh faisnéis áirithe a chur ar fáil duit roimh ré chun a chinntiú gur féidir leat teacht ar an ríomhbhille agus é a bhainistiú 
  • Is féidir leat iarratas a dhéanamh bille atá mionsonraithe go hiomlán nó bille neamh-mhionsonraithe a fháil agus ní féidir leibhéal an mhiondealaithe a athrú gan do thoiliú 
  • Más custaiméir a dhéanann ríomhíocaíocht thú (teileafón póca de ghnáth), ní mór rochtain a thabhairt duit saor in aisce ar do stair idirbheart le déanaí má iarrann tú é 
  • Níor cheart glaonna atá saor in aisce de ghnáth a aithint ar do bhillí, mar shampla uimhreacha 1800 

Is iad seo na cosaintí íosta chun a chinntiú go bhfuil tú in ann teacht ar ar do bhillí agus a chinntiú nach gá duit íoc as bille nach féidir leat teacht air. 

Cén fáth go bhfuil mo chéad bhille níos airde mar a bhíothas ag súil leis? 

D’fhéadfadh do chéad bhille a bheith níos airde ná billí eile mar d’fhéadfá a bheith ag íoc ar feadh níos mó ná mí amháin úsáide. Is amhlaidh atá toisc go gclúdaíonn do chéad bhille an tréimhse ón uair a thosaíonn do sheirbhís suas go dtí dáta do chéad bhille.  Beidh an plean praghais aontaithe don mhí amach romhainn san áireamh sa bhille seo freisin.  Cuimhnigh go bhfuil tú ag íoc as do sheirbhís mí roimh ré. 

Mar shampla, má thosaigh do sheirbhís ar an 24 Samhain, agus má eisíonn do chéad bhille ar an 1 Nollaig, beidh táillí breise 7 lá i gceist le do bhille.  Tugtar muirir pháirt-tréimhse orthu seo. 

Ba chóir duit a bheith ag súil leis an gcostas míosúil comhaontaithe a íoc ó do dhara bille ar aghaidh, gan aon chostais úsáide lasmuigh de do phlean nó liúntais phacáiste a áireamh. 

Cad is táille cealaithe ann agus cén fáth a bhfuil le feiceáil ar mo bhille? 

D’fhéadfadh cás a bheith ann nuair a fhaigheann tú bille ó dhá sholáthraí seirbhíse timpeall an ama chéanna.  D’fhéadfadh sé seo tarlú má d’aistrigh tú do sheirbhís chuig soláthraí nua le déanaí. 

Ba chóir duit an dá bhille a scrúdú go géar lena chinntiú nach bhfuil tú costas á ghearradh faoi dhó don tréimhse chéanna. Ba chóir go gcabhródh tagairt do na dátaí atá san áireamh ar an dá bhille chun é seo a shoiléiriú duit. 

Cad is táille cealaithe ann agus cén fáth a bhfuil le feiceáil ar mo bhille? 

Is féidir táille cealaithe, ar a dtugtar táille luathfhoirceanta freisin, a bheith ar do bhille. Má tá tú fós laistigh  d’íostéarma do chonartha leis an soláthraí reatha nuair a athraíonn tú, féadfar an táille phacáiste (nó cuid de) a bhilleáil duit don chuid eile de thréimhse an chonartha. 

Déanfar faisnéis a bhaineann leis na táillí a ghearrfaidh soláthraí seirbhíse má aistríonn tú chuig soláthraí seirbhíse nua agus tú fós i mbun conartha a leagan amach i dtéarmaí agus coinníollacha do chonartha.  Féach ar ár leathanach Conarthaí  le haghaidh tuilleadh eolais. 

Mar an gcéanna, má athraíonn tú aon ghné de do sheirbhís i lár tréimhse billeála, féadfaidh tú creidmheas páirt-tréimhse a fheiceáil ar do bhille ina dhiaidh sin maidir leis an méid a d’íoc tú roimh ré cheana féin. 

Cad iad na táillí lasmuigh den chuach? 

Déanann go leor againn ár seirbhísí teileachumarsáide a chuachadh nuair is féidir, agus dá bhrí sin faighimid bille amháin do gach seirbhís a bhféadfadh meascán d’fhón baile, teileafón póca, leathanbhanda agus teilifís a bheith i gceist leo. 

Go ginearálta, soláthraíonn cuacha praghas maith dúinn do gach seirbhís ach uaireanta is féidir leo a bheith faoi réir srianta nó teorainneacha ar ghlaonna, téacsanna agus sonraí. Má úsáideann tú níos mó glaonna, téacsanna nó sonraí ná do liúntas cuachta, gearrfar táille ort as an úsáid seo. 

Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil a fhios agat an dóigh le monatóireacht a dhéanamh ar d’úsáid nó seiceáil a choinneáil ar d’úsáid agus iarraidh ar do sholáthraí seirbhíse i gcónaí tú a chur ar an eolas nuair atá tú ag druidim nó tar éis teorainn do chuachta a bhaint amach. Seolann roinnt soláthraithe seirbhíse foláirimh go deonach chun rabhadh a thabhairt duit, mar sin bí cinnte cé acu a bhaineann sé seo leat nó nach mbaineann agus aon chás de bhille a fháil gan a bheith ag dúil leis a sheachaint. 

Cad is féidir liom a dhéanamh fhaighim bille mícheart? 

fhaigheann do bhille agus chreideann go bhfuil mícheart, ba cheart duit é seo a ardú láithreach le do sholáthraí seirbhíse mar ghearán.  Is féidir leat níos a fhoghlaim faoin dóigh chun gearán a dhéanamh anseo.

Conas is féidir liom a margadh maith á fháil agam do mo sheirbhís? 

Is uirlis é  ComReg Compare a ligeann duit taraifí a chur i gcomparáid agus an tseirbhís teileachumarsáide an beart is fearr a oireann do do riachtanais úsáide a aimsiú i dtéarmaí luach ar airgead.  Cabhraíonn leat roghanna eolasacha níos fearr a dhéanamh agus cinneadh á dhéanamh aistriú chuig soláthraí seirbhíse nua fanacht leis an gceann céanna. 

bhfaighidh tuilleadh eolais? 

Is féidir leat tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn 1 Ionstraim Chinnidh an doiciméid ComReg Billí Tomhaltóirí agus Meáin Bhilleála faisnéis níos mionsonraithe uait.

An raibh an leathanach seo úsáideach?

Error: Contact form not found.

Error: Contact form not found.