Déanfaidh Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) an ceathrú fóram dá chuid do Pháirtithe Leasmhara a reáchtáil sa Bhruiséil ar 17 Deireadh Fómhair. Ócáid mhór san earnáil teileachumarsáide atá ann, agus díreofar i mbliana ar chlár oibre BEREC do 2017 agus ar an athbhreithniú leanúnach ar an gcreat rialála le haghaidh na cumarsáide leictreonaí. Sa chomhthéacs seo, déanfar dhá shaincheist mhóra ar leith a phlé ag an bhfóram: nascacht a sholáthar do gach saoránach Eorpach, agus forbairt an gheilleagair dhigitigh a éascú. Meastar go mbeidh thart ar 220 rannpháirtí ag freastal ar an bhfóram agus ag idirghníomhú leis na cainteoirí, lena n-áirítear go leor oibreoirí ó shaol na teileachumarsáide agus ón saol digiteach.
Beidh an t-imeacht oscailte don phobal agus beidh sé á chraoladh beo ar líne ar chuntas YouTube BEREC. Is féidir le gach duine tuairimí a léiriú nó ceisteanna a chur ar na cainteoirí go díreach ar Twitter ach leas a bhaint as #BERECforum.
Nasc chuig an gclár oibre: http://berec.europa.eu/eng/events/berec_events_2016/124-4th- berec-stakeholder-forum-meeting
Nasc chuig an ráiteas nuachta: http://www.comreg.ie/publication/berec-4-foram-phairtithe-leasmhara-nascacht-agus-nualaiocht-san-eoraip-fheabhsu/