Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 d’ullmhú scéim reachtúil ag comhlachtaí poiblí ag tabhairt
mionsonraí faoi na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil:
trí mheán na Gaeilge;
trí mheán an Bhéarla; agus
trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla
agus na bearta atá le glacadh lena chinntiú go ndéanfar aon seirbhís nach soláthraíonn an
comhlacht trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama comhaontaithe.
De réir cuid 14(3) den tAcht, fanann scéimeanna teanga i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bhliana nó go dtí go bhfuil scéim nua deimhnithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, cibé acu is déanaí.