Faisnéis SF, RFC & Cosaint Sonraí

Saoráil Faisnéise

Léiríonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 (Acht SF) cúpla ceart dlí tábhachtach dóibh siúd atá ag iarraidh teacht ar fháisnéis.

Cearta Reachtúla faoin Acht SF:

  • Ceart dlíthiúil do gach duine chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí lena mbaineann an reachtaíocht um shaoráil faisnéise
  • Ceart dlíthiúil do gach duine go gceartaítear faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin sa chás go bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • Ceart dlíthiúil chun teacht ar na cúiseanna a bhain le cinntí a d’imir tionchar ar dhuine.

Is í aidhm an Achta um SF ná ligint don phobal teacht ar fhaisnéis atá ag ComReg NACH BHFUIL ar fáil trí na gnáthfhoinsí eile. Tá teacht ar fhaisnéis faoi SF faoi réir díolúintí áirithe agus tá nósanna imeachta faoi leith chomh maith le teorainn ama i gceist leo.

Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Iarratais

Is féidir iarratais ar Fhaisnéis faoin Acht SF a sheoladh chuig:

Derek C.O’Reilly, Feidhmeannach Rochtana Faisnéise
Coimisiún um Rialáil Cumarsáide,
1 Lárcheantar na nDugaí,
Sráid na nGildeanna,
BÁC 1, D01 E4X0.
Teil: 018049769
Faics: 018788193
Ríomhphost: foi@comreg.ie

Ní mór duit d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart go dtagródh d’iarratas don tAcht um Shaoráil Faisnéise. Tá foirm iarratais ar fáil ‘Iarratas ar Fhaisnéis faoi Acht um Shaoráil Faisnéise’ ach ní gá é a úsáid.

Foirm Iarratais SF – seol an fhoirm seo chuig foi@comreg.ie nó an seoladh poist thuas.

Má tá cabhair uait ag aithint na dtaifead atá uait, beidh an Feidhmeannach Rochtana Faisnéise in ann cuidiú leat.

Is féidir iarratais agus ceisteanna SF a chur chugainn ar ríomhphost foi@comreg.ie