Cheap an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil, Denis Naughten TD, Gerry Fahy ina chathaoirleach ar an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) inniu. Tá feidhm ag an gceapachán ó 1 Márta 2017 go 31 Lúnasa 2018. Níl aon athrú ar chomhdhéanamh an Choimisiúin. Tá triúr Coimisinéirí ann i gcónaí: Gerry Fahy, Jeremy Godfrey agus Kevin O’Brien. Agus é ag glacadh leis an ról, dúirt an tUasal Fahy go raibh sé ag súil le misean tábhachtach ComReg a stiúradh i gcinntiú go bhfuil timpeallacht rialála cuí agus éifeachtach i bhfeidhm chun tacú le hiomaíocht bhreise, nuálaíocht agus rogha tomhaltóra i dtírdhreach cumarsáide atá ag athrú go tapaigh.